Lá an Ilteangachais 2021 ar líne
Faigh spléachadh ar an obair sa chúlra agus féach conas a oibríonn Parlaimint na hEorpa i 24 theanga.
Lá an Ilteangachais 2021 ar líne
Leis an ilteangachas, cinntítear gur féidir le saoránaigh uile AE obair a n-ionadaithe daonlathacha a leanúint in aon cheann de 24 theanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ceann de láidreachtaí na hEorpa is ea an éagsúlacht teanga agus chultúrtha agus tá sí fite fuaite mar bhunluach i gConarthaí AE. Is é Lá an Ilteangachais do dheis chun an éagsúlacht seo a fheiceáil i mbun gnímh.
Is féidir leat páirt a ghlacadh i Lá an Ilteangachais 2021 ar líne agus in Áras Stair na hEorpa.
Sceideal
Streaming (25/09)
Ionad | Sceideal | Cur síos |
---|---|---|
Air-loidhne |
An áit a dtagann an Eoraip le chéile i 24 theanga 10.00 - 10.17 |
Foghlaim faoin Seomra Tionóil i bParlaimint na hEorpa, an áit ina mbíonn díospóireachtaí agus vótáil ar siúl i 24 theanga. |
Lá i saol an aistritheora agus an ateangaire 10.20 - 11.00 |
Faigh léargas ar shaol na ngairmithe a éascaíonn an obair i 24 theanga a chur i gcrích. Foghlaim faoi cad a bhíonn ar siúl acu roimh, i rith agus tar éis díospóireachtaí. | |
Teachtaireacht físeáin Cad é an chiall atá leis an ilteangachas dom |
Ghlac na daoine seo a leanas páirt sa teachtaireacht físeáin *Cad é an chiall atá leis an ilteangachas dom: Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Nicola Beer; Aire Ilteangachais na Bruiséile, Sven Gatz; Ard-Stiúrthóir um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha, Agnieszka Walter-Drop; Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin, Valter Mavric; Ard-Stiúrthóir na Cumarsáide, Jaume Duch Guillot; ceathrar buaiteoirí Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh: Maša Kolanović, Stavros Christodoulou, Nathalie Skowronek agus Giovanni Dozzini;. | |
Parlaimint ilteangach- cad atá i gceist leis sin? 11.05 - 11.35 |
Cén fáth a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa i 24 theanga ar an gcéad dul síos? Cén ról a n-imríonn teangacha sa Pharlaimint taobh amuigh de na díospóireachtaí poiblí agus i measc gairmithe eile a bhíonn ag obair anseo? | |
Conas is féidir liom a bheith i m’aistritheoir nó i m’ateangaire? 11.40 - 12.20 |
Faigh amach cén oiliúint agus cad iad na cáilíochtaí is gá duit a bheith agat le bheith i d’aistritheoir nó i d’ateangaire, agus cén conair a bheadh oiriúnach duit. | |
Sealanna oiliúna i bParlaimint na hEorpa 12.25 - 12.55 |
Faigh amach cad atá i gceist le seal oiliúna aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa, na próifílí atá uainn agus conas iarratas a dhéanamh, agus beidh deis agat cloisteáil ó iar-oiliúnaithe faoi gach ar cheap siad féin faoi. |
Ceardlanna ar líne (24/09)
Ionad | Sceideal | Cur síos |
---|---|---|
Air-loidhne |
Ceardlanna ar líne |
Faigh léargas níos doimhne ar an aistriúchán agus ar an ateangaireacht agus cuir do chuid ceisteanna le linn na gceardlanna idirghníomhacha. Féach cad iad na ceardlanna ar líne a bheidh ar fáil agus cuir d’áit in áirithe. |
Turais threoraithe (25/09)
Ionad | Sceideal | Cur síos |
---|---|---|
Áras Stair na hEorpa |
11:00-12:30, Turas le Maša Kolanović (as Cróitis) 13:00-14:30, Turas le Stavros Christodoulou (as Gréigis) 14:30-16:00, Turas le Nathalie Skowronek (as Fraincis) 16:00-17:30, Turas le Giovanni Dozzini (as Iodáilis) |
Beidh ceathrar buaiteoirí de Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh mar threoraithe turais carte blanche agus tabharfaidh siad tú ar a n-aistear féin tríd an stair. Cliceáil anseo chun clárú. Tá fáilte romhat freisin bualadh isteach ar an lá. |
Streaming
Lá an Ilteangachais 2021 le feiceáil BEO ar líne an 25 Meán Fómhair
Ceardlanna ar líne
Faigh léargas níos doimhne ar an aistriúchán agus ar an ateangaireacht agus cuir do chuid ceisteanna le linn na gceardlanna idirghníomhacha. Ó léargas a fháil ar na bothanna ateangaireachta go cúraimí an oiliúnaí i bParlaimint na hEorpa, breathnófar sna ceardlanna ar líne ar ghnéithe éagsúla den obair mar ghairmí teanga i bParlaimint na hEorpa.
Ní mór duit clárú roimh ré le haghaidh na gceardlann mar go bhfuil siad teoranta do ghrúpaí beaga, ar bhonn ‘tús freastail ar an té is túisce’. Agus tú cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost deimhniúcháin ina mbeidh sonraí faoi conas páirt a ghlacadh iontu. Mairfidh gach ceardlann idir 30 agus 60 nóiméad agus reáchtálfar iad i raon teangacha éagsúla.
Turais threoraithe in Áras Stair na hEorpa
Beidh ceathrar buaiteoirí de Dhuais Litríochta an Aontais Eorpaigh mar threoraithe turais carte blanche agus tabharfaidh siad tú ar a n-aistear féin tríd an stair. Cén éifeacht atá ag an ilteangachas ar an gcaoi a mbraitheann agus a ndéanann scríbhneoir machnamh ar an domhan, ar an gcaoi a gcruthaíonn sé agus a n-éiríonn leis a bheith ina údar? Conas a léirítear éagsúlacht teanga agus chultúrtha na hEorpa ina gcuid úrscéalta agus ina gcuid filíochta? Glac páirt i gcomhrá bríomhar le Maša Kolanović, Stavros Christodoulou, Nathalie Skowronek agus Giovanni Dozzini, agus cuir do chuid scéalta féin le scéalta an mhúsaeim.
Reáchtálfar na turais carte blanche i gCróitis, i nGréigis, i bhFraincis agus in Iodáilis.
Tabhair faoi deara le do thoil go reáchtálfar na turais treoraithe ag brath ar bhearta COVID-19. I gcás ina n-athraíonn na rialacha agus nach féidir cuairteanna treoraithe i ngrúpaí a dhéanamh, déanfar taifead ar na turais agus cuirfear ar fáil ar líne iad.
Lá an Ilteangachais sa Bhruiséil
Beidh réigiún na Bruiséile ag ceiliúradh an ilteangachais ag Parlaimint Réigiún Príomhchathrartha na Bruiséile agus in áiteanna eile timpeall na cathrach an 25 Meán Fómhair chomh maith. Is é an príomhthéama i mbliana, an dara heagrán den chéiliúradh, ná an t-ilteangachas san oideachais, agus beidh díospóireachtaí agus ceardlanna á n-eagrú i gcomhar le heagraíochtaí atá gníomhach i réimse an ilteangachais sa Bhruiséil.
Tuilleadh eolais
Lá i saol an aistritheora agus an ateangaire
Conas is féidir liom a bheith i m’aistritheoir nó i m’ateangaire?
- epso.europa.eu
- europarl.europa.eu/interpretation/en/the-interpreter
- europarl.europa.eu/interpretation/en/study-and-traineeships
- europa.eu/interpretation
- europarl.europa.eu/translation/en/the-translator/profile
- europarl.europa.eu/translation/en/external-translation/introduction
- europarl.europa.eu/translation/en/the-translator/recruitment