Lá an Ilteangachais 2022 

Spotlight
23-09-2022 go 24-09-2022

Lá an Ilteangachais 2022

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa

Is éard atá i Lá an Ilteangachais 2022 ná do dheis chun éachtaint a fháil ar Parlaimint na hEorpa agus ar conas a oibríonn sí i 24 theanga.

Aois an spriocphobail
Ó
16
Go dtí
99
bliana
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Lá an Ilteangachais 2022

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa
16
99
bliana
24

Is é lá an Ilteangachais do dheis chun spléachadah a thabhairt ar chúl an stáitse sa Pharlaimint is ilteangaí ar domhan: faigh léargas ar conas a n-óibríonn Parlaimint na hEorpa i 24 theanga! Buail lenár n-ateangairí, lenár n-aistritheoirí, agus le baill eile dár bhfoireann ilteangach, foghlaim faoina n-obair agus leag cos sa Seomra Tionóil féin.

Leis an ilteangachas, cinntítear gur féidir le saoránaigh uile an Aontais Eorpaigh obair a n-ionadaithe daonlathacha a leanúint in aon cheann de na 24 theanga oifigiúil. Ceann de láidreachtaí an Aontais Eorpaigh is ea an éagsúlacht teanga agus chultúrtha agus tá sí fite fuaite mar bhunluach i gConarthaí an Aontais. Is é Lá an Ilteangachais do dheis chun an éagsúlacht seo a fheiceáil i mbun gnímh.

Beidh Lá an Ilteangachais 2022 ar siúl ar líne agus ar láthair Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

Tábhachtach – ná déan dearmad ar do ID!
Maidir le gníomhaíochtaí ar an láthair Dé Sathairn 24 Meán Fómhair is féidir clárú ar líne roimh ré (molta) nó ag an doras. 

Ceardlanna ar líne (Dé hAoine 23/09 agus Dé Sathairn 24/09)

Faigh blaiseadh ceart den ateangaireacht agus den aistriúchán sna ceardlanna idirghníomhacha seo.  Clúdófar sna seisiúin ar líne gnéithe éagsúla den obair mar ghairmí teanga i bParlaimint na hEorpa agus is deis iontach iad freagra a fháil ar do cheisteanna!

Tá na ceardlanna teoranta do ghrúpaí bheaga, mar gheall air sin tá clárúchán riachtanach agus beidh na háiteanna líonta ar bhonn 'tagadh do sheal mar a tháinig tú féin'. Agus tú cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost deimhniúcháin ina mbeidh sonraí faoi conas páirt a ghlacadh iontu. Mairfidh gach ceardlann idir 30 agus 60 nóiméad agus reáchtálfar iad i raon teangacha éagsúla. D'fhéafaí go ndéanfar cúpla cinn díobh a thaifeadadh.

Imeachtaí i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil (Dé Sathairn 24/09)

Gníomhaíochtaí (10.00-18.00)

Cuir eolas ar ilteangachas trí ghníomhaíochtaí spraíúla.

An bunurlár

  • Both grianghraf: faigh do chuimhneachán ó lá an ilteangachais
  • Ceardlann 'Scríobh agus aistrigh ábhar ilmheán go soiléir ': foghlaim conas ábhar scríofa a oiriúnú d'fhormáidí meán éagsúil ar bhealach atá soiléir agus soláimhsithe don saoránach, ansin déan taifeadadh de inár mboth fuaime!
  • Cúinne taifeadta 'My House of European History': glac suíochán agus cuir do scéal Eorpach leis an tionscadal comhoibríoch staire sin
  • Cúinne na leanaí: péinteáil aghaidheanna, tatúnna sealadacha, agus cluichí teanga agus leabhair ilteangacha.

Ceathrú hurlár

  • Bothanna ateangaireachta: bain trial as an ateangaireacht
  • Cluichí aistriúcháin: bíodh spraoi agat agus tú ag tástáil do scileanna teanga!
  • Ceardlanna aistriúcháin agus teanga soiléire: bain triail as an aistriúchán lenár sainaistritheoirí agus/nó foghlaim faoi na bunphrionsabail a bhaineann le teanga shoiléir sna seisiúin idirghníomhacha seo. *Ní mór clárú ar an tslí isteach – déanfar an clárúchán ar bhonn 'tagadh do sheal mar a tháinig tú féin'.

Tabhair cuairt ar Sheomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa (10.30-17.30, gach 30 nóiméad)

Cuir eolas ar an ionad ina dtarlaíonn díospóireachtaí agus vótáil. Cuir i láthair ilteangacha le seisiúin ceisteanna agus freagraí (ceathrú hurlár).

 

 

Cainteanna le hateangairí agus aistritheoirí (10.30-17.00)

Faigh léargas níos fearr ar an ateangaireacht agus an aistriúchán leis na cuir i láthair 30 nóiméad seo faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an dá shlí beatha agus leis an ilteangachas go ginearálta. Cuirfear ateangaireacht ar fáil in Ollainnis, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, agus Iodáilis ag gach caint.

An bunurlár

 

Seomra 0C.11

10.30 – 11.00 Conas a bheith i d’aistritheoir?

11.00 – 11.30 Conas a bheith i d’ateangaire?

11.30 – 12.00 Lá i saol aistritheora: leideanna agus cleasa

12.00 – 12.30 Cleasa cheird na hateangaireachta

12.30 – 13.00 24 theanga oifigiúla AE?! Cad é an cuspóir? Díospóireacht phainéil le Valter MAVRIČ (Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin, AS TRAD), Alison GRAVES (Stiúrthóir na hAteangaireachta, AS LINC) agus Laura TARRAGONA SÁEZ (Stiúrthóir na nAcmhainní, AS COMM)

 

Seomra 0C.87

13.30 – 14.15 Cúrsaí Oiliúna i Seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa (gan ateangaireacht)

 

Seomra 0C.11

14.30 – 15.00 Conas a bheith i d’ateangaire?

15.00 – 15.30 Conas a bheith i d’aistritheoir?

15.30 – 16.00 Cleasa cheird na hateangaireachta

16.00 – 16.30 Lá i saol aistritheora leideanna agus cleasa

16.30 – 17.00 Conas a bheith i d'aistritheoir nó i d'ateangaire? – Is í sin an cheist!

 

Déanfar taifeadadh fuaime ar na cainteanna agus cuirfear iar ar fáil mar phodchraoltaí tar éis an imeachta.

Áras Stair na hEorpa

Turais threoraithe speisialta ag an House of European History faoi theangacha agus éagsúlacht teanga san Eoraip (Dé Sathairn 24/09)

Glac páirt i gceann de na turais ag an House of European History ina ndéanfar stair na dteangacha san Eoraip a chíoradh. Bainfear feidhm as scéalta agus as réada sa taispeántas chun a thaispeáint conas mar a mhúnlaigh teangacha an éagsúlacht shaibhir atá le fáil san Eoraip.

Sheol r-phost go historia-learning@ep.europa.eu chun clárú nó is féidir clárú ar an lá ag deasc an mhúsaeim.

Sceideal: Fraincis (11.00 / 13.00 / 15.00) – Béarla (12.00 / 14.00 / 16.00) – Ollainnis (11.00 / 13.00 / 15.00) – Gearmáinis (12.00 / 14.00 / 16.00)

Map
 

Seomra Tionóil

Foirgneamh Willy Brandt
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine dalla
Caifé
Réitigh do dhaoine bodhra
Bialann
Stóras bagáiste
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil