Andrei Sakharov: Eolaí, easaontóir, gníomhaí ar son chearta an duine 

Spotlight
10-12-2021 go 31-03-2022

Andrei Sakharov: Eolaí, easaontóir, gníomhaí ar son chearta an duine

An Bhruiséil
An Parlamentarium

Meet the man behind the European Parliament's Sakharov Prize for Freedom of Thought. Visit the exhibition before it ends on 31 March. 

Aois an spriocphobail
Ó
16
Go dtí
99
bliana
Fad na gníomhaíochta
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta EN, FR, NL, DE

Andrei Sakharov: Eolaí, easaontóir, gníomhaí ar son chearta an duine

An Bhruiséil
An Parlamentarium
16
99
bliana
45
EN, FR, NL, DE

Tá an taispeántas sealadach ‘Andrei Sakharov: Eolaí, Easaontóir, Gníomhaí ar son Chearta an Duine’ á óstáil ag an bParlamentarium, is é sin Ionad Cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa, mar chuid de chomóradh 100 bliain ó rugadh Andrei Sakharov, fear a spreag cruthú Dhuais Sakharov Pharlaimint na hEorpa um Shaoirse Smaointeoireachta.

Leis an taispeántas arna chruthú i gcomhar le hIonad Sakharov i Moscó na Rúise, agus Ionad Taighde Sakharov in Kaunas na Liotuáine, tarraingítear aird ar na mórimeachtaí i rith shaol Andrei Sakharov, nó ‘athair bhuama hidrigine na Sóivéadach’ mar a thugtar air freisin. Trí thaispeántáin ilmheán agus chartlainne éagsúla, tógtar cuairteoirí ar aistear a bhfuil luathbhlianta Sakharov mar thúsphointe leis. Le codanna eile an aistir, tugtar aird ar an taighde eolaíoch a rinne Sakharov, ar an méadú a tháinig ar an spéis a bhí aige i gcearta an duine, agus ar deireadh, ar an ról a bhí aige i leith phróiseas an daonlathaithe in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha ag deireadh na 1980í. Leantar den aistear le Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, ar duais í a bhronnann Parlaimint na hEorpa gach bliain ó 1988 i leith, agus lena mbaineann oidhreacht Sakharov maidir leis an gcomhrac ar son na síochána, an daonlathais agus na hurraime do chearta an duine.

Tá an taispeántas ar fáil i mBéarla, ach tá aistriúcháin á gcur ar fáil i bhFraincis, Ollainnis agus Gearmáinis ar féidir teacht orthu trí úsáid a bhaint as cód QR atá le fáil ar an láthair.

Is féidir le cuairteoirí teacht ar an taispeántas ag deireadh ghnáthchuairt an Pharlamentarium go dtí an 31 Márta 2022.

Map

An Parlamentarium

Esplanade Solidarność 1980
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine dalla
Réitigh do dhaoine bodhra
Stóras bagáiste
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil