Stáisiún na hEorpa 

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa

Cuir tús le do chuairt ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil ag Stáisiún na hEorpa, suite ar an gcearnóg bhríomhar Place du Luxembourg. Má tá a fhios agat go díreach céard ba mhaith leat a fheiceáil nó mura bhfuil tú ach fiosrach, tá gach eolas ar fáil ag Stáisiún na hEorpa chun an leas is fearr a bhaint as do chuairt.

Fad na gníomhaíochta
Méid an ghrúpa Íoslíon 1 go uaslíon 1 duine
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa
15'
1
24

Suite san fhoirgneamh ina mbíodh stáisiún traenach ‘Brussels-Luxembourg’ tráth, is sárnasc é Stáisiún na hEorpa idir stair an cheantair, Ceantar Leopold, agus ról an cheantair sa lá atá inniu mar chroílár an daonlathais Eorpaigh, agus tá rud ar fáil do gach duine ann.

Féach ar Pharlaimint na hEorpa tagtha chun beatha le samhail réaltachta breisithe den champas. Nó cur le do chuid eolais mar gheall ar an tionchar a bhíonn ag beartais agus ag infheistíocht an Aontais Eorpaigh ar do thír, ar do réigiún nó ar do chathair le what-europe-does-for-me.eu ar tháblaí scáileáin tadhaill. Tá mionsamhlacha lánléargais ann lena ligtear duit súil a chaitheamh ar an am atá thart agus féachaint trí na poill amhairc ar radharcanna éagsúla de Pharlaimint na hEorpa ag tréimhsí éagsúla óna stair.

Is é Stáisiún na hEorpa ina thairseach na Bruiséile duit freisin agus tá an suíomh visit.brussels ann chun blaiseadh a thabhairt duit ar a bhfuil ar fáil i bpríomhchathair na Beilge.

Uaireanta oscailte

Dé Luain − Dé hAoine Dé Sathairn − Dé Domhnaigh
9.00 − 18.00 10.00 − 18.00
Dé Luain − Dé hAoine
9.00 − 18.00
Dé Sathairn − Dé Domhnaigh
10.00 − 18.00

Dúnta an 1 Eanáir, an 1 Bealtaine, an 1 Samhain, 24, an 24, 25 agus 31 Nollaig.

Map
 

Stáisiún na hEorpa

Place du Luxembourg / Luxemburgplein 100
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine dalla
Réitigh do dhaoine bodhra
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil