Turais Siúil Pharlaimint na hEorpa 

Turais Siúil Pharlaimint na hEorpa  

An Bhruiséil
European Quarter

Bí páirteach i dturas siúil treoraithe chun eolas a chur ar stair agus ailtireacht Pharlaimint na hEorpa agus an cheantair mórthimpeall agus tú ag baint taitneamh as gníomhaíocht shábháilte amuigh faoin aer sa Bhruiséil.

12
99
bliana
90'
1-20
EN, FR, NL, DE

Turais Siúil Pharlaimint na hEorpa

An Bhruiséil
European Quarter
12
99
bliana
90'
1-20
EN, FR, NL, DE

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an gCeantar Eorpach ná mar a cheapfá agus is é an bealach is fearr chun an chomharsanacht uathúil seo a iniúchadh ná de shiúl na gcos. Tugann turais siúil Pharlaimint na hEorpa deis duit eolas a fháil ar na hinstitiúidí Eorpacha, ach, chomh maith leis sin, ar spásanna glasa, ealaín, stair agus seoda ailtireachta an cheantair máguaird. Agus treoraí turais in éineacht leat a bhfuil taithí aige nó aici, is féidir leat fáil amach faoi roinnt de na rúin is fearr sa Bhruiséil agus freagraí a fháil ar do chuid ceisteanna go léir.

Bíonn na turais threoraithe 90 nóiméad ar siúl gach deireadh seachtaine le linn an earraigh agus le linn an tsamhraidh. Tá na turais ar fáil i mBéarla, i bhFraincis, in Ollainnis agus i nGearmáinis agus ba cheart iad a chur in áirithe ar líne roimh ré. D’fhéadfadh roinnt áiteanna a bheith ar fáil ag an nóiméad deireanach ar an lá, ach tabharfar tús áite do chuairteoirí a bhfuil áirithint acu.

Uaireanta Oscailte

Dé Domhnaigh Maidin Tráthnóna
Ollainnis: 10.00, Fraincis: 11.00 Gearmáinis: 14.00, Béarla: 15.00
Dé Domhnaigh
 
Maidin
Ollainnis: 10.00, Fraincis: 11.00
Tráthnóna
Gearmáinis: 14.00, Béarla: 15.00

Plean an turais

Buailfidh tú le do threoraí ag Station Europe, atá suite sa seanstáisiún traenach in Place du Luxembourg agus a fhónann mar phointe fáilte do gach cuairteoir chuig Parlaimint na hEorpa.

Tabharfaidh tú cuairt ar an Esplanade Solidarność 1980 a bhfuil clú agus cáil air, spás dinimiciúil agus ilchultúrtha do shaoránaigh chun bualadh le chéile. Cé mhéad teanga éagsúil a chloisfidh tú á labhairt agus tú ag leanúint lorg na bpolaiteoirí, na n-iriseoirí agus na gceannairí domhanda? Éistfidh tú le scéalta na ndaoine ar ainmníodh na foirgnimh ina ndiaidh – cérbh iad Altiero Spinelli, Clara Campoamor, József Antall, Simone Veil agus conas a mhúnlaigh siad Eoraip an lae inniu? Foghlaimeoidh tú faoi stair an tionscadail Eorpaigh agus faoin gcaoi ar tháinig an Bhruiséil chun cinn. Gheobhaidh tú amach faoin gcaoi ar mhúnlaigh na hinstitiúidí Eorpacha tírdhreach uirbeach na cathrach agus tú ag breathnú thart ar an gCeantar Eorpach.

Ar deireadh, críochnóidh tú do thuras i bpáirc stairiúil Leopold. Ba zú do gach sórt ainmhí í an pháirc tráth dá raibh, ach anois tá institiúidí cultúrtha agus séadchomharthaí stairiúla ann, mar shampla Leabharlann Solvay, Áras Stair na hEorpa agus codanna de Bhalla Bheirlín. Ón áit sin, is féidir leat leanúint ar aghaidh le do thuras trí Cheantar Leopold, nó is féidir leat díreach sos a thógáil agus taitneamh a bhaint as an radharc. Ag am ar bith, ná bíodh drogall ort ceisteanna a chur ar do threoraí agus comhairle a fháil faoina bhfuil le déanamh i gcathair bhríomhar na Bruiséile.

Bearta Covid-19

Léigh na bearta seo a leanas, le do thoil, ionas go mbeidh cuairt shábháilte agat.:

  • Beidh an turas siúil ar siúl amuigh faoin aer.
  • Caithfear na turais a chur in áirithe ar líne roimh ré.
  • Is é naonúr rannpháirtithe an líon is mó daoine atá ceadaithe ar 20 siúil (faoi réir athrú ag brath ar na bearta a thabharfaidh Comhairle Slándála Náisiúnta na Beilge isteach).
  • Ní mór do gach rannpháirtí os cionn 12 bhliain d’aois masc aghaidhe a chaitheamh.
  • Iarrtar ort fad 1.5 m a choinneáil ó chuairteoirí eile nach ó do theaghlach iad.

European Quarter

Place du Luxembourg / Luxemburgplein 100
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Réitigh do dhaoine dalla
Réitigh do dhaoine bodhra
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil

Lean le do chuairt

Esplanade Solidarność 1980

An Bhruiséil
Esplanade Solidarność 1980

Áras Stair na hEorpa

An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa
90'
10
24

Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
30-90'
10-100
24

Stáisiún na hEorpa

An Bhruiséil
Stáisiún na hEorpa
15'
1
24