Cluiche Rólimeartha - Lucsamburg  

Cluiche Rólimeartha - Lucsamburg

Lucsamburg
Europa Experience

Más scoláire sa mheánscoil nó mac léinn san ollscoil thú, nó mura bhfuil cuairt á tabhairt agat orainn ach le grúpa cairde nó le do theaghlach, is féidir leat taithí phearsanta a fháil ar an dóigh a ndéantar cinntí ar leibhéal an Aontais, trína bheith i do Fheisire inár gcluiche rólimeartha.

Aois an spriocphobail 15 bliana
Méid an ghrúpa Íoslíon 16 go uaslíon 32 duine
aaa Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Cluiche Rólimeartha - Lucsamburg

Lucsamburg
Europa Experience
Aois an spriocphobail 15 bliana
16-32
aaa Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Cluiche rólimeartha idirghníomhach

Más scoláire sa mheánscoil nó mac léinn san ollscoil thú, nó mura bhfuil cuairt á tabhairt agat orainn ach le grúpa cairde nó le do theaghlach, is féidir leat taithí phearsanta a fháil ar an dóigh a ndéantar cinntí ar leibhéal an Aontais, trína bheith i do Fheisire inár gcluiche rólimeartha. Ar feadh thart ar dhá uair an chloig, gníomhóidh tú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus déanfaidh tú plé, caibidlíocht agus vótáil ar threoracha de chuid an Aontais. Ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.

 

  • Ó 15 bliana d'aois.
  • Do ghrúpaí de 16 go 32 dhuine
  • Fad: Thart ar 2 uair

 

Slándáil

Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
  • Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta, cluasáin neamhindiúscartha agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
  • Déantar monatóireacht ar an caighdeán aeir chun aeráil sásúil a chinntiú.
  • Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló.  Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.

An leagan is deireanaí: 07/2024

 

Map

Europa Experience

Europa Experience Luxembourg
17 Av. John F. Kennedy l
1855 Kirchberg
Luxembourg

Míchumas luaile

Eolas praiticiúil