Info Hub
Cad is fiú duitse é?
Is féidir leat do thuairim agus do ghuth a chur in iúl sa Mhol Faisnéise. Inis dúinn an méid a bhfuil tú ag súil leis ón Aontas Eorpach agus an dóigh a gceapann tú gur féidir le Parlaimint na hEorpa beart a dhéanamh.
Tá réimse leathan acmhainní agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha spreagúla curtha ar fáil ag an Mol Faisnéise duit chun d’fhiosracht a spreagadh: rochtain oscailte ar ábhair taighde, eispéireas réaltachta fíorúla chun tú féin a thumadh in obair a bhíonn ar siúl ag Feisire, chomh maith le cainteanna, imeachtaí agus taispeántais.
Le clár imeachtaí agus taispeántas atá ag athrú de shíor, is féidir leat teacht ar ais arís agus arís eile, agus eolas a chur ar rud éigin nua nó foghlaim faoi rud éigin eile go mion.
Agus cad eile?
Tá réimse leathan gníomhaíochtaí ann chun taitneamh a bhaint as, rud a chuireann ar do chumas níos mó a fhoghlaim faoin dóigh a n-oibríonn Feisirí chun do shaol laethúil a fheabhsú.
Áirítear leis seo cainteanna tráthúla le saineolaithe beartais a chuireann ar do chumas eolas agus léargais a fháil. Ar mhaith le do ghrúpa tuilleadh eolais a fháil ar shaincheist shonrach? Cuir in iúl dúinn agus is féidir linn seisiúin faisnéise saincheaptha a chur le chéile duit.
Óstálann an Mol Faisnéise cruinnithe na sochaí sibhialta go rialta chomh maith agus is deis iontach iad chun do ghuth a chur in iúl.
Is féidir do léargas a leathnú trí pháirt a ghlacadh inár dtaispeáintí scannán, ár seoltaí leabhar agus ár dtaispeántais.
Féach 'Cúinne na Leabharlainne' ina bhfuil rogha leabhar ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
Breathnaigh ar chuid de Bhailiúchán Ealaíne Comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa le linn do chuairte, tá dealbh Jens Galschiøt, Man on a Bench, ar taispeáint go buan ag an Mol Faisnéise
Is féidir leat do chuairt ar an Mol Faisnéise a chomóradh fiú; glac grianghraf sa bhoth grianghraf chun cuimhneachán ar do chuairt a choinneáil.
Conas páirt a ghlacadh in imeachtaí ag an Mol Faisnéise?
Idir cainteanna agus taispeáintí scannán, comhdhálacha preasa, cruinnithe na sochaí sibhialta, cuirtear imeachtaí nua leis an gclár i gcónaí. Déan cinnte súil a chaitheamh ar an gclár ag bun an leathanaigh, nó ar ardán imeachtaí an Mhoil Faisnéise chun teacht ar imeacht a bhfuil spéis agat ann.
An bhfuil ceist agat?
Cuir ceist ar ár bhfoireann chairdiúil agus cabhróidh siad leat do bhealach a dhéanamh timpeall an Mhoil Faisnéise, nó timpeall ar champas Pharlaimint na hEorpa.
Uaireanta Oscailte
Luan - Aoine | ||
---|---|---|
9:00-18:00 |
Dúnta an 1 Eanáir, an 1 Bealtaine, an 1 Samhain, 24, an 24, 25 agus 31 Nollaig.
Inrochtaineacht
Tá an Mol Faisnéise inrochtana go hiomlán do chuairteoirí a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu, tá fáil ar dhaoine den fhoireann chun cúnamh a thabhairt. Má theastaíonn cúnamh uait, téigh i dteagmháil leis an Mol Faisnéise roimh do chuairt.
Mol Toghcháin
Beidh an Mol Faisnéise mar 'Mhol Toghcháin', ionas go mbeidh saoránaigh chomh heolach agus ab fhéidir sula rachaidh tú isteach sa bhoth vótála i mí an Mheithimh seo chugainn do thoghcháin Eorpacha 2024.
Tá 'Eispéaras Toghcháin' a chruthú ag an Mol Faisnéise. Cuirfidh sé ar do chumas na tosaíochtaí beartais AE atá agat a roghnú, eolas a fháil ar an dóigh a bhfuiltear ag tabhairt aghaidh orthu tríd an árdán ‘Na nithe a Dhéanann an Eoraip Domsa’ agus foghlaim faoin dóigh a bhfuil na cinntí a dhéanann na Feisirí Eorpacha ag déanamh áit níos fearr le cónaí ann a dhéanamh den Aontas Eorpach.
Ar smaoinigh tú riamh ar an gcuma atá ar ghnáthlá d’Fheisire, tá spéaclaí réaltachta fíorúla againn a chuirfidh ar do chumas triail a bhaint as an eispéaras 'Bí i d’Fheisire' agus tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh a n-oibríonn an próiseas cinnteoireachta i bParlaimint na hEorpa.
Is fóram é an Mol Faisnéise atá oscailte do chách. Buail le hEorpaigh eile, éist lena scéalta agus déan do thuairimí féin ar an Eoraip sa chuid 'Guth na Saoránach dár saoráid.
Tagann Eispéaras na dToghchán chun críche le cuireadh chun do mhianta agus do smaointe a chur chun cinn, ag dul i bpáirt le hEorpaigh eile chun guth díreach a bheith agat maidir le cúrsa an daonlathais san Aontas a chinneadh.
Tá do ghuth, do vóta, do rannpháirtíocht ríthábhachtach chun na prionsabail dhaonlathacha agus na luachanna daonlathacha atá mar bhonn agus mar thaca lenár modh maireachtála a chosaint.
Info Hub
Esplanade Solidarność 1980
B-1050An Bhruiséil
An Bheilg
+32 2 28 48077
Conas an áit a bhaint amach
Is iad Maelbeek agus Schuman na stadanna is cóngaraí ar línte 1 agus 5 agus Trône ar línte 2 agus 6.