Parlaimint na hEorpa in Strasbourg 

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa

An spéis leat cuairt a thabhairt ar sheomra tionóil Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg? Tá cuairteanna saor in aisce agus is féidir iad a dhéanamh ó cheann ceann na bliana. Faigh an t-eolas atá uait chun do chuairt a phleanáil.

Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
24

Cuireann Parlaimint na hEorpa in Strasbourg fáilte roimh chuairteoirí sé lá sa tseachtain i gcaitheamh na bliana. Bíonn cuairteanna saor in aisce i gcónaí.

Agus tú ar cuairt, beidh deis agat seomra parlaiminteach na hEorpa – an Seomra Tionóil, Parlamentarium Simone Veil agus taispeántais éagsúla a fheiceáil.

In Strasbourg, tagann Feisirí Pharlaimint na hEorpa le chéile dhá uair déag sa bhliain le linn seisiúin iomlánacha chun díospóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht Eorpach agus chun vótáil uirthi. Mar chuairteoir, is féidir leat freastal ar an seisiún agus d’ionadaithe a fheiceáil agus a chloisteáil ó áiléar na gcuairteoirí agus iad ag labhairt. Féach ar fhéilire na seisiún iomlánach.

Ag brath ar an uair a bheidh tú ar cuairt, tá eolas praiticiúil anseo thíos.

Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa nuair nach bhfuil an seisiún iomlánach ar siúl

/files/live/sites/visiting/files/Images/Header/final/the-european-parliament-strasbourg-outside-plenary-thumbnail.png

Cuir eolas ar cheanncheathrú oifigiúil Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Féach ar an taobh istigh den fhoirgneamh cáiliúil ina dtarlaíonn an daonlathas Eorpach i bhfírinne. Déan camchuairt le treoir ilmheán atá ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, nó cuir turas treoraithe i bhFraincis, i nGearmáinis nó i mBéarla in áirithe do do ghrúpa.

Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa nuair atá an seisiún iomlánach ar siúl

/files/live/sites/visiting/files/Images/Header/final/the-european-parliament-strasbourg-plenary-thumbnail.png

Tapaigh an deis an daonlathas Eorpach a fheiceáil faoi lán seoil ag seisiún iomlánach. Is slí iontach é cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg le linn seisiúin iomlánacha, chun eolas a chur ar an bparlaimint thrasnáisiúnta is mó ar domhan agus ar an aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach.

Imeachtaí agus taispeántais

/files/live/sites/visiting/files/Images/Header/final/events-and-exhibitions-strasbourg-thumbnail.png

Sa bhreis ar chuairt ar an Seomra Tionóil, nár cheart duit cailleadh amach air, is féidir súil a chaitheamh ar thaispeántais bhuana agus shealadacha agus tú ar cuairt, nó páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí iomadúla a bhíonn ar siúl i bParlaimint na hEorpa i gcaitheamh na bliana. 

Inrochtaineacht

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d’fheabhsú seasta na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Má bhíonn gá agat nó ag duine éigin i do ghrúpa le cúnamh speisialta, tabhair fógra do sheirbhís na gcuairteoirí roimh ré:

Bíodh turas sábhailte agat

Tugann Parlaimint na hEorpa tús áite don tslándáil ar chuairteanna, trí aird a thabhairt ar bhearta slándála agus sláinte poiblí. Iarrtar ar chuairteoirí an t-eolas seo a leanas a léamh agus a thabhairt faoi deara lena chinntiú go mbeidh dea-chuairt ag cách:

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
  • Déantar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar a málaí sula dtéann siad isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Fraince, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí ach bíonn cosc orthu sa limistéar slándála agus in áiléar an tSeomra Tionóil i rith seisiúin iomlánacha.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Is féidir le cuairteoirí ceann a chaitheamh más mian leo.
  • Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud an taispeántais. Moltar do chuairteoirí é a úsáid
  • Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse) a ghlanadh go rialta.
  • Déantar faireachán ar chaighdeán an aeir chun aeráil shásúil a chinntiú.
  • Muna mbraitheann tú ar fónamh, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte ar ais a chur romhat nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na bearta sláinte coisctheacha sa Fhrainc, téigh chuig www.gouvernement.fr/info-coronavirus.fr.

Dáta an uasdátaithe is deireanaí: 03/2023

Map
 

Pharlaimint na hEorpa

Togalach Louise Weiss
1 Allée du Printemps
F-67070 Strasbourg cedex

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Breathnaigh ar láithreán gréasáin SNCF (iarnróid na Fraince)

Réitigh do dhaoine dalla
Caifé
Réitigh do dhaoine bodhra
Bialann
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil