Exhibition: Towards European Elections 2024
In the grounds of the Jean Monnet House, view the new temporary exhibition on the European elections open to school groups and the general public until the day of the vote next June.
Is áit é Teach Jean Monnet inar féidir eolas a chur ar shaol agus ar shaothar duine de na daoine a chuir tús leis an Aontas Eorpach atá againn inniu. Tugann an taispeántas buan idirghníomhach léargas duit ar shaol Jean Monnet agus tugann sé deis duit eolas a chur ar an méid a bhain sé amach.
Tá dlúthbhaint ag Teach Jean Monnet in Bazoches-sur-Guyonne le stair na hEorpa agus is ann a chaith Monnet blianta fada ag obair gan stad gan staonadh. Léiríonn na gníomhaíochtaí ilmheán sa taispeántas an tionchar a bhí ag Jean Monnet ar shaol an lae inniu san Eoraip agus an tionchar a bhíonn ag na hinstitiúidí Eorpacha ar do shaol.
Tá an teach lonnaithe 45km siar ó Pháras agus ba thearmann den scoth é ó ghleo phríomhchathair na Fraince áit a bhféadfadh Monnet forbairt a dhéanamh ar an bhfís a bhí aige do shuíochán agus d’aontacht na hEorpa.
Tá saorchead isteach ann agus tógann an chuairt thart ar uair an chloig.
Luan go hAoine | Satharn - Domhnach | |
---|---|---|
10.00 - 17.00 | 10.00 - 18.00 |
Bíonn an músaem dúnta: an 1 Eanáir / 24, 25, 31 Nollaig.
Ní gá do chuairteoirí aonair ná do ghrúpaí ina bhfuil níos lú ná 6 dhuine áirithint a dhéanamh roimh ré chun cuairt a thabhairt ar an músaem. Is féidir le cuairteoirí sult a bhaint as an taispeántas ar a luas féin agus tá na treoracha ilmheán ar fáil i bhFraincis, i mBéarla agus i nGearmáinis.
Ní mór do ghrúpaí ina bhfuil níos mó ná deichniúr áirithint a dhéanamh roimh ré don treoir ilmheán agus do na cuairteanna treoraithe.
Tá na cuairteanna le treoir ilmheán ar fáil i bhFraincis, i mBéarla agus i nGearmáinis agus ní mór iad a chur in áirithe seachtain roimh ré ar a laghad.
Tá na cuairteanna treoraithe ar fáil i bhFraincis, i mBéarla, i nGearmáinis, i Spáinnis agus in Iodáilis. Ní mór iad a chur in áirithe 3 seachtaine roimh ré ar a laghad agus is féidir iad a chur in oiriúint d’ábhar spéise atá ag an ngrúpa. Is féidir leo díriú ar réimse ábhar, ón Aontas Eorpach sa lá atá inniu ann go dtí an léargas stairiúil ar an tsíocháin san Eoraip.
Is féidir ceardlanna cruthaitheacha a eagrú do ghrúpaí scoile freisin chun gur féidir le daltaí eolas a chur ar ábhair cosúil leis an tsaoránacht Eorpach agus an chaoi a dtéann an Eoraip i ngleic leis an athrú aeráide.
Chun cuairt do ghrúpa a chur in áirithe is féidir glaoch ar:
+33 (0)1 34 86 12 43
+32 (0)2 28 41 357
Ba as teaghlach táirgeoirí cognac Jean Monnet agus chaith sé a shaol ag obair ar son an chomhair trasteorann. Bhí sé i gcónaí den tuairim go raibh daoine níos fearr as agus iad ag obair i gcomhar le chéile. Thosaigh sé amach ag obair i ngnó a mhuintire sular thug sé aghaidh ar an airgeadas idirnáisiúnta. Le linn an dá Chogadh Domhanda bhí ról lárnach aige ó thaobh tabhairt ar na Comhghuaillithe oibriú as lámh a chéile.
Tar éis 1945, bhí Monnet ag obair chun teacht ar réiteach buan sa chaoi is nach mbrisfeadh cogadh amach san Eoraip arís. Agus é mar aidhm acu deireadh a chur leis an iomaíocht idir an Fhrainc agus an Ghearmáin, tháinig Jean Monnet agus Robert Schuman aníos le plean ina roinnfeadh tíortha na hEorpa an táirgeadh guail agus cuach, plean as ar tháinig an chéad Chomhphobal Eorpach – an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach – agus a réitigh an bealach do níos mó comhair san Eoraip.
Is tosaíochtaí iad slándáil agus sábháilteacht do Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart slándála i bhfeidhm inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh:
An leagan is deireanaí: 11/2023
7 chemin du Vieux Pressoir, Houjarray
78490 Bazoches sur Guyonne
An Fhrainc