Gníomhaíochtaí ar líne
Acmhainní ar líne
Pleanáil do chuairt roimh ré.
Féach: Cad é Parlaimint na hEorpa?
San fhíseán seo do chuairteoirí ar Strasbourg, is féidir éisteacht le foireann Pharlaimint na hEorpa ag labhairt faoin gcaoi a n-oibríonn sí agus faoin gcaoi a ndéantar dlíthe Eorpacha.
Cainteanna PE ar líne
Faigh blaiseadh ar shaol na parlaiminte trasnáisiúnta is mó ar domhan. Déan ceangal ó áit ar bith chun fáil amach faoi na cumhachtaí agus faoin ról atá ag Parlaimint na hEorpa (PE) agus faigh freagraí ar do chuid ceisteanna ó fhoireann PE.
Buantaispeántas Áras Stair na hEorpa
Faigh spléachadh ar a mbeidh le feiceáil agat i mbuantaispeántas Áras Stair na hEorpa. Déantar iniúchadh sna sé chuid ar mar a rinne an stair braistint na cuimhne Eorpaí a mhúnlú agus go leantar den tionchar atá aici ar ár saol laethúil.
A glimpse into the Jean Monnet House Collection
-Tá an téacs seo ar fáil i mBéarla amháin- Discover some of what you can see in the Jean Monnet House, home to one of the architects of the European Union. Learn about Jean Monnet’s work, vision and legacy, in this house that became a museum for all citizens.
Taispeántas ‘Óige Mhíshuaimhneach’ ag Áras Stair na hEorpa
Amharc ar an Eoraip trí shúile ceithre ghlúin de dhaoine óga a tháinig in aois ag amanna suntasacha an chéid seo caite. Léiríonn an taispeántas sealadach seo go bhfuil na naisc thrasnáisiúnta, an gníomhaíochas sóisialta agus saoirse an duine aonair ina sainghnéithe ag daoine óga san Eoraip.
Cúinne na foghlama
Tá a lán le foghlaim faoin Aontas Eorpach! Bain spraoi as an tsraith seo cluichí agus tráthanna na gceist. Tá cluichí ann d’aoisghrúpaí éagsúla agus do leibhéil éagsúla, agus is féidir gach ceann a imirt sa bhaile nó mar chuid de cheacht scoile.
Féach an difear i do shaol laethúil
Féach an difear a dhéanann an tAontas Eorpach i do shaol laethúil leis an gcluiche spraíúil ar líne seo. Cuir radhairc ón saol laethúil i gcomórtas le chéile agus cuir eolas ar 12 bhealach a gcuireann an tAontas Eorpach feabhas ar ár saol.
Cruinniú Eorpach um an Óige Ar líne
Reáchtáladh Cruinniú Eorpach um an Óige 2020 (EYE 2020) ar líne. Is bealach uathúil é EYE Ar líne chun bualadh le chéile, daoine a spreagadh agus scéalta a roinnt go fíorúil. Rinneadh gníomhachtaí uile EYE Ar líne a shruthú ar Facebook agus tá siad ar fáil le féachaint orthu anois.
Seimineáir ar líne don Aos Óg Eorpach
Glac páirt i ngrúpa ilchultúrtha dinimiciúil d’Eorpaigh óga. Faigh tuiscint faoi ról agus faoi chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, déan saincheisteanna an lae inniu san Eoraip a shainaithint, déan díospóireacht orthu agus smaoinigh ar réitigh nithiúla orthu.
Taispeántas ar líne Dhearbhú Schuman
Foghlaim faoi Dhearbhú Schuman, ó na fadhbanna a tháinig chun cinn san Eoraip i 1950 go dtí an fear a thug tacaíocht don dearbhú stairiúil sin. Míníonn an taispeántas ar líne seo go foirfe an fáth gurb é 9 Bealtaine Lá na hEorpa agus bunús Pharlaimint na hEorpa.
Taispeántas ar líne faoi Louise Weiss
Sa taispeántas ar líne ‘Louise Weiss: Eorpach tiomanta’, insítear scéal na mná a chuir an idé Eorpach chun cinn agus a raibh tionchar suntasach aici ar an Eoraip trína cuid oibre mar fheachtasóir, iriseoir, scríbhneoir agus parlaiminteoir.