Seomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa
Is é an Seomra Tionóil croílár dhaonlathas na hEorpa, áit a dtagann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le chéile le linn na seisiún iomlánach chun na díospóireachtaí is mó agus is tábhachtaí a reáchtáil. Chomh maith leis sin, is ansin a dhéantar vótálacha stairiúla a athraíonn slí mhaireachtála daoine ar fud na hEorpa.
Is féidir an chuairt a dhéanamh in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá na cuairteanna saor in aisce. Tá gá le réamháirithint do ghrúpaí. Tá sé inrochtana go hiomlán do dhaoine faoi mhíchumas.
Cuairteoirí aonair
Is féidir le cuairteoirí aonair cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil le treoir ilmheán, suí isteach ar fhaisnéisiú nó seisiúin iomlánacha a leanúint. Tá cuairteanna ar fáil do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do ghrúpaí beaga suas le naonúr. Ní mór do dhuine fásta a bheith in éineacht le páistí atá faoi bhun 14 bliana d'aois.
Le linn do chuairte ar an Seomra Tionóil, beidh deis agat an taispeántas ealaíne ‘Aontaithe san Éagsúlacht’ a fheiceáil, ar cuid de bhailiúchán ealaíne Pharlaimint na hEorpa é ina bhfuil saothair ealaíne ó gach Ballstát. Lean an nasc seo chun níos mó a fhoghlaim faoin mbailiúchán ealaíne.
Treoracha ilmheán
Tabhair cuairt ar an Seomra Tionóil ar do luas féin le treoir ilmheán agus foghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa. Tá cuairteanna le treoracha ilmheán ar fáil i 24 theanga oifigiúla AE agus maireann siad thart ar uair an chloig. Tabhair faoi deara nach féidir cuairteanna treoraithe ilmheán a dhéanamh i rith seisiúin iomlánacha.
Is féidir leat an treoir ilmheán a íoslódáil sula gcuireann tú tús le do chuairt. Tá an aip 'EP Visit' ar fáil ar Apple Store agus ar Google Play.
Cainteanna sa Seomra Tionóil
Cuir do cheisteanna ar dhuine dár gcainteoirí agus tú ag éisteacht le caint faoi obair agus ról Pharlaimint na hEorpa. Cuirtear cainteanna sa Seomra Tionóil maireann siad thart ar uair an chloig agus bíonn siad ar fáil i mBéarla agus i bhFraincis (tá teangacha eile ar fáil ach iad ag brath ar an soláthar).
Lean an seisiún iomlánach
Le linn na seisiún iomlánach, bíonn líon teoranta áiteanna ar fáil do chuairteoirí aonair chun an seisiún a leanúint ar feadh 30 nóiméid. Braitheann iontráil ar líon na n-áiteanna a bhíonn ar fáil. Féach ar an bhféilire i gcomhair dhátaí na seisiún iomlánach sa Bhruiséil.
Uaireanta cuartaíochta
Ní féidir cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil ar laethanta dúnta oifige ná laethanta saoire poiblí. In 2023: 02/01, 06-07/04, 10/04, 01/05, 18-19/05, 29/05, 21/07, 14-15/08, 01-02/11, 25-29/12, 02/01/2024.
Treoracha ilmheán¹⁺² | Dé Luain − Déardaoin | Dé hAoine |
---|---|---|
9.00 − 17.00 | 9.00 − 13.00 |
Cainteanna¹⁺² | ||
---|---|---|
- Last entry 30 minutes before closing time.
Grúpaí
Is féidir cuairteanna ar an Seomra Tionóil a eagrú do ghrúpaí idir 10 agus 100 duine agus ba cheart iad a chur in áirithe 2 mhí roimh ré. Braitheann iarrataí ar infhaighteacht seomraí agus cainteoirí.
Maireann cuairteanna do ghrúpaí 1-2 uair an chloig agus is éard atá i gceist ná caint phearsantaithe ó bhall foirne ar ról agus ar chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, seisiún ceisteanna agus freagraí agus cuairt ar ghailearaí an tSeomra Tionóil. Bíonn siad ar fail i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, ó Luan go hAoine. Ag brath ar fhéilire Pharlaimint na hEorpa, féadfaidh grúpaí an seisiún iomlánach a leanúint ón ngailearaí ar feadh uair an chloig.
Ní féidir cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil ar laethanta dúnta oifige ná laethanta saoire poiblí.
Is féidir le ceannairí na ngrúpaí cuairt a chur in áirithe ach an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach.
Cuairteanna comhcheangailte le roinnt saoráidí
An bhféadfá a lua más mian leat do chuairt chuig an Seomra Tionóil a chomhcheangal le cuairt chuig an bParlamentarium agus/nó chuig Áras Stair na hEorpa agus an t-iarratas ar áirithint á chomhlánú agat. Ach fógra a thabhairt roimh ré, cinnteofar gur cuairt réidh a bheidh ann.
Saoráidí
Tá ceaintín i limistéar na gcuairteoirí i bhfoirgneamh Paul-Henri Spaak, ach is le háirithintí amháin a bhíonn sé ar fáil do ghrúpaí | restauration-reservation-compass-bruxelles@ext.europarl.europa.eu.
Inrochtaineacht
Do chuairteoirí a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu, cuireann an tsaoráid do chuairteoirí sa Seomra Tionóil rochtain iomlán ar fáil do chathaoireacha rothaí, agus bíonn ár bhfoireann ar fáil chun cúnamh a thabhairt.
Le linn cuairteanna, bíonn ár bhfoireann breá sásta oibriú le hateangairí comharthaíochta. Is faoi cheannairí na ngrúpaí a bhíonn sé seirbhísí na n-ateangairí sin a eagrú.
Má bhíonn gá agat le cúnamh speisialta, tabhair fógra dúinn roimh ré le do thoil.
Slándáil
Cuireann Parliamint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlíntí sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:
- Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
- Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
- Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí ach bíonn cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil i rith seisiún iomlánach.
- Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
- Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire. Moltar do chuairteoirí é a úsáid.
- Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta, cluasáin neamhindiúscartha agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
- Déantar monatóireacht ar an caighdeán aeir chun aeráil sásúil a chinntiú.
- Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víreas COVID-19 agus faoi na bearta coisctheacha sa Bhruiséil, téigh chuig www.info-coronavirus.be/.
An leagan is deireanaí: 09/2022
Seomra Tionóil
Foirgneamh Willy Brandt
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg
Conas an áit a bhaint amach
Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.