Cainteanna don Óige ar líne 

Cainteanna don Óige ar líne

Air-loidhne

Buail le do ghrúpa ó pé áit ina bhfuil tú chun freagraí a fháil ar do cheisteanna faoi Pharlaimint na hEorpa.

Aois an spriocphobail Ó 16 - Go dtí 26 bliana
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Cainteanna don Óige ar líne

Air-loidhne
Aois an spriocphobail Ó 16 - Go dtí 26 bliana
24

An bhfuil tú mar chuid de ghrúpa a bhfuil spéis acu sa chaoi a gcuireann an tAontas Eorpach feabhas ar an saol laethúil i do bhaile, i do réigiún agus i do thír? Ar mhaith leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ghníomhaíochtaí Pharlaimint na hEorpa agus a Feisirí?

Tugann na Cainteanna don Óige deis do ghrúpaí cur lena gcuid eolais faoi chumhacht, ról agus gníomhaíochtaí na hinstitiúide seo trí chur i láthair 60 nóiméad ar líne agus seisiún ceisteanna agus freagra a bheith curtha in oiriúint do leasanna do ghrúpa

Cur i láthair saincheaptha

An ceannaire grúpa thú i scoil, ollscoil nó club óige agus an bhfuil suim agat tuilleadh a fháil amach faoi na rudaí a dhéanann Parlaimint na hEorpa do agus le daoine óga

Tá Cainteanna don Óige ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Buailfidh do ghrúpa go fíorúil le baill foirne ó Pharlaimint na hEorpa agus gheobhaidh sibh amach conas páirt a ghlacadh i ndaonlathas na hEorpa a mhúnlú. 

Ag brath ar an ábhar is spéis le do ghrúpa, is féidir díriú sa Chaint don Óige ar chuid de na hábhair seo a leanas:

  • Stair agus luachanna an Aontais Eorpaigh;
  • Struchtúr na n-institiúidí Eorpacha agus an chaoi a n-oibríonn siad;
  • Cumhachtaí, comhdhéanamh, ról, feidhmiú agus gníomhaíochtaí reatha Pharlaimint na hEorpa;
  • An tionchar atá ag an Aontas Eorpach ar do shaol laethúil;
  • Modhanna le tuilleadh teagmhála a dhéanamh le Parlaimint na hEorpa agus do thuairimí agus smaointe a roinnt faoi ábhair AE.

Is féidir leat cuireadh a thabhairt d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa labhairt le do ghrúpa freisin.

Is féidir Cainteanna don Óige ar líne a chur in oiriúint do ghrúpaí d’aoiseanna eile. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais thíos.​​

Cuir Caint don Óige ar Líne in áirithe

Is féidir le ceannairí grúpaíCaint don Óige ar líne a chur in áirithe ach an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach’, agus ‘Caint don Óige’ a chur sa bhosca ‘Ionchas don Chuairt’. 

Mura grúpa daoine óga é do ghrúpa, is féidir leat seisiún a iarraidh freisin ach ‘Caint ar Líne’ a lua sa réimse ‘Ionchas don Chuairt’

A luaithe agus a dheimhneofar an áirithint, rachfar i dteagmháil leat chun na hábhair is spéis libh a roghnú roimh an gcaint.