Parlamentarium Simone Veil
Is spás tumthach é Parlamentarium Simone Veil, atá ainmnithe don chéad Uachtarán mná ar Pharlaimint na hEorpa, inar féidir tuiscint a fháil ar an tslí a bhfeidhmíonn an daonlathas Eorpach. Le gléasanna idirghníomhacha, is féidir leat a fháil amach cé a dhéanann ionadaíocht ort ar leibhéal Eorpach, agus cad atá ar siúl acu chun dul i ngleic le dúshláin an lae inniu. Tá an t-ábhar seo ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Tuilleadh eolais faoi Parlamentarium Simone Veil
Bailiúchán de bhronntanais phrótacail a tugadh do Pharlaimint na hEorpa
Bailíonn an taispeántas seo bronntanais a tugadh do Pharlaimint na hEorpa leis na deicheanna de bhlianta anuas. Cuireann Parlaimint na hEorpa fáilte roimh Chinn Stáit agus aíonna mór le rá eile go minic le linn a seisiún iomlánach, agus is cuid de bhéasaíocht cuairteanna oifigiúla é bronntanais a mhalartú. Is siombail ar chairdeas idir daoine agus tíortha é bronntanais a mhalartú. Is ionann gach réad agus oidhreacht chultúrtha na tíre a thug an bronntanas. Tar agus féach ar an mbailiúchán neamhghnách seo, a tharraingíonn aird ar an ngné uathúil seo den saol parlaiminteach.
Louise Weiss: Eorpach tiomanta
Faigh amach faoi scéal mná a rinne, trína cuid oibre mar fheachtasóir, iriseoir, scríbhneoir agus parlaiminteoir, an smaoineamh Eorpach a chur chun cinn agus a d’imir tionchar suntasach ar an Eoraip. Sa lá atá inniu ann, tá a hainm ar phríomhfhoirgneamh Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Tá an taispeántas ar fáil i bhFraincis, Gearmáinis agus Béarla ar an láthair, nó i 24 theanga trí chód QR.
Tuilleadh eolais faoi Louise Weiss
Dearbhú Schuman
Foghlaim faoi Dhearbhú Schuman, ó na fadhbanna a tháinig chun cinn san Eoraip in 1950 go dtí an fear ar fuair an dearbhú stairiúil sin a ainm uaidh. Míníonn an taispeántas seo an chúis a gceiliúraimid Lá na hEorpa an 9 Bealtaine agus an chúis go bhfuil Parlaimint na hEorpa lonnaithe in Strasbourg. Tá sé ar fáil i bhFraincis, Gearmáinis agus Béarla ar an láthair, nó i 24 theanga trí chód QR.
Tuilleadh eolais faoi Dhearbhú Schuman