Áras Stair na hEorpa 

Áras Stair na hEorpa

An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa

Idir mhiotais agus fhionnachtain, anord agus chomhtháthú an 20ú haois, tugann Áras Stair na hEorpa cuairteoirí ar thuras trí stair na hEorpa agus cuireann sé dúshlán fúthu a machnamh a dhéanamh ar an todhchaí.

Fad na gníomhaíochta
Méid an ghrúpa Íoslíon 10 go uaslíon 10 duine
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Áras Stair na hEorpa

An Bhruiséil
Áras Stair na hEorpa
90'
10
24

Tá saorchead isteach ann agus maireann na cuairteanna thart ar 90 nóiméad. Tá na taispeántais ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá foinsí agus eispéiris shainoiriúnaithe ar fáil freisin le haghaidh scoileanna, teaghlaigh agus grúpaí.

Uaireanta oscailte

Dé Luain Dé Máirt − Dé hAoine Dé Sathairn − Dé Domhnaigh
13.00 − 18.00 09.00 − 18.00 10.00 − 18.00
Dé Luain
13.00 − 18.00
Dé Máirt − Dé hAoine
09.00 − 18.00
Dé Sathairn − Dé Domhnaigh
10.00 − 18.00

Bíonn an músaem dúnta: an 1 Eanáir /1 Bealtaine / 1 Samhain / 24, 25, 31 Nollaig.

Cuairteoirí aonair

Ní gá do chuairteoirí aonair ná do ghrúpaí ina bhfuil níos lú ná deichniúr áirithint a dhéanamh roimh ré chun cuairt a thabhairt ar an músaem. Is féidir leis na cuairteoirí dul tríd an ionad taispeántais ar a luas féin, agus is féidir leo leas a bhaint as treoracha ilmheán atá ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Grúpaí

Beidh ar ghrúpaí is mó ná deichniúr cuairt a chur in áirithe ar líne ar a laghad 2 sheachtain roimh ré, más rud é gur treoraí ilmheán atá uathu, nó 4 seachtaine roimh ré, más turas treoraithe atá uathu. Tá na treoracha ilmheán ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus cuirtear turais threoraithe ar fáil i mBéarla, in Ollainnis, i bhFraincis agus i nGearmáinis.

Faigh amach faoi na gnéithe éagsúla

Buantaispeántas
Sa bhuantaispeántas, tugtar na cuairteoirí trí stair na hEorpa, ó bhunús na hEorpa agus an chaoi ar athraigh sí le himeacht aimsire go dtí briseadh amach an chogaidh agus an tóir ar shaol níos fearr.

Oideachas agus foghlaim
Trí cheardlanna agus acmhainní foghlama, is féidir le daltaí luí isteach ar stair na hEorpa agus an oidhreacht ón stair sin atá le sonrú i saol an lae inniu. 

Teaghlaigh
Gníomhaíochtaí agus imeachtaí praiticiúla chun rannpháirtíocht a spreagadh i measc cuairteoirí, is cuma cén aois iad, agus deis a thabhairt do theaghlaigh cur amach a fháil ar stair na hEorpa in éineacht.

Áras a bhfuil stair aige

Is in Parc Léopold, i gcroílár an cheantair Eorpaigh, gar do Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, atá Áras Stair na hEorpa suite. Tá an pháirc 25 acra suite san áit a mbíodh Gairdín Ríoga na nAinmhithe agus osclaíodh í don phobal in 1880. Tá loch álainn ann le lear mór fiadhúlra, mar aon le limistéar picnicí agus suíochán faoin aer. Rinneadh athchóiriú cúramach ar an bhfoirgneamh féin, de réir a bhunúis sna 1930idí, nuair a bhí clinic fiaclóireachta do pháistí faoi mhíbhuntáiste ann. Ná lig tharat na pictiúir ar stíl art deco, a athchóiríodh go cúramach, agus atá bunaithe ar scéalta leis an údar Francach, Jean de La Fontaine.

Inrochtaineacht

Le linn na gcuairteanna, tá ár bhfoireann breá sásta oibriú le hateangairí comharthaíochta. Is faoi cheannairí na ngrúpaí seirbhísí na n-ateangairí sin a eagrú.

Saoráidí

In Áras Stair na hEorpa, tá fáil ar tharraiceáin, áiseanna friothála ar leanaí, seomra feistis, siopa agus caifé (líon na suíochán:60) le réimse leathan deochanna agus sneaiceanna blasta.

Slándáil

Cuireann Parlaimint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlínte sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabhairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:

  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire. Moltar do chuairteoirí é a úsáid.
  • Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
  • Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló.  Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víreas COVID-19 agus faoi na bearta coisctheacha sa Bheilg, téigh chuig www.info-coronavirus.be.

An leagan is deireanaí: 09/2022

Map
 

Áras Stair na hEorpa

Rue Belliard / Belliardstraat 135
1000 An Bhruiséil
An Bheilg

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Wi-fi

Eolas praiticiúil