Exhibition: 'Changemakers'
Have you ever wondered how art can confront social reality and positively change the present? How it can change our view on the present-day world and help us build a better future?
Le treoracha ilmheán, treoraítear cuairteoirí chuig croílár Pharlaimint na hEorpa, ag míniú an bhealaigh i dtreo lánpháirtiú na hEorpa, conas a oibríonn Parlaimint na hEorpa agus cad atá á dhéanamh ag a Feisirí chun dul i ngleic le dúshláin an lae inniu.
Tá an t-eispéireas sin ar fáil in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh Bíonn ionad na gcuairteoirí ar oscailt seacht lá na seachtaine agus tá saorchead isteach ann. Tá sé inrochtana go hiomlán do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá go leor le tairiscint ag an bParlamentarium do dhaoine de gach aois. Bíonn na cuairteanna féintreoraithe agus maireann gach cuairt thart ar 90 nóiméad.
Cuir do chuairt in áirithe ar líne no air a ’fòn, le do thoil (+32 2 283 2222). Mura bhfuil áirithint agat, ní ligfear isteach tú ach amháin má tá dóthain spáis laistigh.
Ní ráthaítear do bhealach isteach ach amháin laistigh de 30 nóiméad ón am a chuir tú in áirithe.
Dé Luain | Máirt – Aoine | Satharn – Domhnach |
---|---|---|
13:00 – 18:00 | 09:00 - 18.00 | 10:00 – 18:00 |
Ní ligtear aon duine eile isteach 30 nóiméad roimh am dúnta.
Tá an Lárionad dúnta ar: an 1 Eanáir /1 Bealtaine / 1 Samhain / 24, 25, 31 Nollaig.
Cuir tús le do thuras trí gheábh trí stair agus lánpháirtiú na hEorpa. Buail fút i bpictiúrlann an arlamentarium agus faigh radharc 360° ar an Eoraip agus ar a Parlaimint. Faigh amach faoi conas a oibríonn Parlaimint na hEorpa, conas a dhéantar dlíthe agus cén fáth a bhfuil tábhacht le polaitíocht na hEorpa. Faigh aithne ar Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus faigh tuiscint ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo arna míniú ag ceannairí na ngrúpaí polaitiúla. Glac grianghraf inár mboth agus faigh amach cad atá ag tarlú i bParlaimint na hEorpa san fhíor-am.
Tugann léarscáil urláir idirghníomhach cuairteoirí ar thuras fíorúil timpeall ar an Aontas Eorpach, ina léirítear breis is 100 scéal faoin éagsúlach ar ár mór-roinn. I suíomh seomra suí, aimsigh an tionchar a bhíonn ag AE ar shaol daoine, ina gcuid focal féin.
I gcás grúpaí atá urraithe ag Feisirí, ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré tríd an ardán thíos, chun socruithe taistil a phróiseáil i gceart.
Má bhíonn gá agat le cúnamh speisialta, tabhair fógra don Pharlamentarium roimh ré.
Do chuairteoirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe
Cuireann an Parlamentarium lánrochtain cathaoireacha rothaí ar fáil, agus tá fáil ar ár bhfoireann chun cúnamh a thabhairt.
Do chuairteoirí lagamhairc
Cuireann an Parlamentarium treoracha meán ar fáil ar treoracha iad a bhfuil comhaid fuaime speisialta iontu chun cur síos a dhéanamh ar an spás, ar a bhfuil ann agus ar a phríomhghnéithe. Tá tadhall-léarscáileanna Braille ar fáil in Ollainnis, i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Ceadaítear madraí treorach freisin.
Do chuairteoirí a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu
Tá físeáin i dteanga chomharthaíochta ar na treoracha meán agus iad sin i mBéarla (BSL), i bhFraincis (LSF), i nGearmáinis (DGS), in Ollainnis (NGT), i bhFraincis na Beilge (LSFB), i bPléimeannais (VGT), in Ungáiris (MJNY), agus i gcomharthaíocht idirnáisiúnta (IS). Tá lúba ionduchtúcháin feistithe go hiomlán sa Pharlamentarium.
Tá taisceadáin, siopa bronntanas agus leithris sa Pharlamentarium.
Tá caifitéire an Pharlamentarium dúnta go dtí go dtabharfar fógra eile.
Is tosaíochtaí iad slándáil agus sábháilteacht do Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart slándála i bhfeidhm inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh:
An leagan is deireanaí: 10/2024
Esplanade Solidarność 1980
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg
Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.