Cluiche Rólghníomhaíochta – An Bhruiséil
Sa chluiche rólimeartha, glacann imreoirí ról Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chucu féin. Roinntear iad ina ngrúpaí polaitiúla samhailteacha agus an dúshlán atá rompu ná comhghuaillíochtaí a chruthú, idirbheartaíocht a dhéanamh agus éisteacht le tuairimí éagsúla chun teacht ar chomhréiteach. Déanann imreoirí plé ar dhlíthe ficseanúla agus foghlaimíonn siad conas a ghlactar iad agus conas a dtéann siad i bhfeidhm ar shaol daoine san Aontas.
Moltar go rachadh imreoirí atá 14 bliana d’aois agus níos sine, go háirithe daltaí meánscoile agus grúpaí mar sin, i mbun an chluiche. Sa bhreis air sin, tá leaganacha den chluiche ann do dhaoine níos sine agus do dhaoine lagamhairc, bodhra agus breacbhodhra.
Tá an cluiche rólimeartha, atá ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais, curtha in oiriúint do ghrúpaí ina bhfuil idir 16 agus 32 imreoir. Maireann sé thart ar dhá uair an chloig, agus tá suas le trí shliotán laethúla ann i rith na seachtaine.
Tá an cluiche rólimeartha saor in aisce, ach is gá é a chur in áirithe go maith roimh ré, toisc go bhfuil go leor éileamh air.
Faigh tuilleadh faisnéise faoin gCluiche Rólghníomhaíochta
Slándáil
Cuireann Parlaimint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlínte sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabhairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:
- Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
- Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire. Moltar do chuairteoirí é a úsáid.
- Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
- Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
- Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.
An Parlamentarium
Esplanade Solidarność 1980
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 An Bhruiséil
An Bheilg
Conas an áit a bhaint amach
Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.