Cluiche Rólghníomhaíochta 

Cluiche Rólghníomhaíochta

Suíomhanna eile

Cuir tú féin in áit Feisire de Pharlaimint na hEorpa le Cluiche Rólghníomhaíochta idirghníomhach atá ar fáil i roinnt cathracha Eorpacha. Cuir an turas tumthach seo in áirithe do do ghrúpa.

Aois an spriocphobail 14 bliana
Fad na gníomhaíochta Ó go -
Méid an ghrúpa Íoslíon 16 go uaslíon 32 duine
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Cluiche Rólghníomhaíochta

Suíomhanna eile
Aois an spriocphobail 14 bliana
120'-180'
16-32
24

Tá an Cluiche Rólghníomhaíochta a bhfuil an-tóir air agus a thugann deis duit tú féin a chur in áit Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar fáil i roinnt cathracha Eorpacha!

Tar agus imir é le do ghrúpa! Roinntear na himreoirí i ngrúpaí polaitiúla samhailteacha agus cuireann siad iad féin in áit Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Tugtar a ndúshlán ansin comhghuaillíochtaí a fhorbairt, idirbheartaíocht a dhéanamh le grúpaí eile agus éisteacht le tuairimí difriúla chun teacht ar chomhréiteach, amhail a dhéanann reachtóirí na hEorpa. Trí dhíospóireacht a bheith acu ar shaincheisteanna agus téamaí reatha, foghlaimíonn siad an chaoi ina ndéantar cinntí ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, an chaoi in ndéanann na cinntí sin difear do shaol na saoránach san Eoraip agus an chaoi ina bhfeidhmíonn daonlathas na hEorpa.

Maireann an cluiche seo a ghluaiseann go tapa idir 2 – 3 uair an chloig, tá sé ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus oireann sé do ghrúpaí de idir 16 agus 32 dhuine atá 14 bliana d’aois nó níos sine. Caithfear é a chur in áirithe roimh ré agus tá sé saor in aisce

Coimeád súil air an leathanach seo chun fáil amach cá háit a mbeidh fáil ar an gCluiche Rólghníomhaíochta amach anseo!