Cluiche Rólghníomhaíochta – Strasbourg 

Cluiche Rólghníomhaíochta – Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa

I bParlamentarium Simone Veil, is féidir le scoláirí dianchúrsa i reachtóireacht na hEorpa a dhéanamh. Tá an Cluiche Rólghníomhaíochta ceaptha go sonrach do ghrúpaí de dhaltaí meánscoile atá idir 16 agus 30 bliain d'aois, agus taispeánann sé dóibh an próiseas ina gcaibidlítear reachtaíocht an Aontais Eorpaigh.

Aois an spriocphobail 14 bliana
Fad na gníomhaíochta Ó go -
Méid an ghrúpa Íoslíon 16 go uaslíon 32 duine
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Cluiche Rólghníomhaíochta – Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
Aois an spriocphobail 14 bliana
120-180'
16-32
24

I ngrúpaí samhailteacha thar dhá choiste, déantar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa de na rannpháirtithe agus déanann siad caibidlíocht eatarthu féin chun cruth a chur ar reachtaíocht. Caithfidh rannpháirtithe oibriú le chéile agus cinntí deacra a dhéanamh le linn dóibh dul i ngleic le saincheisteanna amhail rochtain ar uisce i ré an athraithe aeráide agus na himpleachtaí a bhaineann leis an dul chun cinn teicneolaíoch.

Léiríonn an Cluiche Rólghníomhaíochta conas a chruthaítear reachtaíocht, idir dhul i gcomhairle le grúpaí sainleasa agus comhaontais a dhéanamh agus chaibidliú le hinstitiúidí eile agus labhairt leis na meáin.

Maireann an cluiche seo a ghluaiseann go tapa idir 2 – 3 uair an chloig, tá sé ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus oireann sé do ghrúpaí de idir 16 agus 32 dhuine atá 14 bliana d’aois nó níos sine. Caithfear é a chur in áirithe roimh ré agus tá sé saor in aisce. Bíonn cluichí ar siúl ón Luan go dtí an Aoine, uair amháin ar maidin agus uair amháin um thráthnóna.

Bíonn deis ag na grúpaí go léir cuairt a thabhairt ar an Seomra Tionóil tar éis an chluiche.

Ní bhíonn an Cluiche Rólghníomhaíochta ar siúl Dé Sathairn, Dé Domhnaigh ná ar laethanta saoire bainc. In 2024: 01-05/01, 20/02, 29/03, 01/04, 26/04, 01/05, 9/05, 20/05, 15/08, 01/11, 23/12-05/01/2025.

Faigh tuilleadh faisnéise faoin gCluiche Rólghníomhaíochta

Moltar an Cluiche Rólghníomhaíochta a chur in áirithe ar 2 sheachtain roimh ré ar a laghad.

Slándáil

Cuireann Parliamint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlíntí sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí ach bíonn cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil i rith seisiún iomlánach.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
  • Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire.  Moltar do chuairteoirí é a úsáid. 
  • Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta, cluasáin neamhindiúscartha agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
  • Déantar monatóireacht ar an caighdeán aeir chun aeráil sásúil a chinntiú.
  • Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló.  Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.

An leagan is deireanaí: 13/2024
 

Map

Pharlaimint na hEorpa

Louise Weiss Building
1 Allée du Printemps
F-67070 Strasbourg cedex

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Breathnaigh ar láithreán gréasáin SNCF (iarnróid na Fraince)

Míchumas luaile

Eolas praiticiúil