Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Seisiún Iomlánach
Tá spás sa Seomra Tionóil do gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa. Le linn na seisiún iomlánach, is ansin a tharlaíonn na díospóireachtaí agus na vótaí is tábhachtaí. Soláthraíonn sé freisin an suíomh le haghaidh suíonna foirmiúla aíonna oifigiúla, amhail cinn stáit, buaiteoirí dhuais Sakharov agus mórphearsanra poiblí eile.
Tá cuairteanna saor in aisce. Ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré do ghrúpaí, ach ní gá áirithint a dhéanamh do dhaoine aonair.
Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
Cuairteoirí aonair
Le linn seisiún iomlánach, is féidir an suí iomlánach a leanúint in áiléar na gcuairteoirí agus cuairt a thabhairt ar Pharlamentarium Simone Veil. Meastar grúpaí is lú ná 10 nduine de bheith ina gcuairteoirí aonair agus ní gá réamháirithint a dhéanamh le haghaidh cuairteoirí aonair.
Bíonn cuairteanna aonair ar fáil in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Bíonn teorainn ar an méid áiteanna a bhíonn ar fáil do chuairteoirí aonair chun an seisiún a leanúint ar feadh 30 nóiméid. Mar sin, tá cead isteach bunaithe ar an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.
Uaireanta Oscailte
Dé Luain | Dé Máirt, Dé hAoine | Déardaoin |
---|---|---|
9:30 − 12:00 agus 17:00 − 18:00 | 9:00−12:00 agus 15:00 − 18:00 | 09:00 - 12.00 |
Grúpaí
Is féidir cuairteanna ar an Seomra Tionóil in Strasbourg a eagrú do ghrúpaí idir 10 nduine agus 100 duine agus ba cheart iad a chur in áirithe 2-3 mhí roimh ré.
Faigheann grúpaí seisiún faisnéise pearsantaithe ó bhall foirne Pharlaimint na hEorpa i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, lena gcumhdaítear ról agus cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, seisiún ceisteanna agus freagraí agus cuairt uair an chloig ar áiléar cuairteoirí an tSeomra Tionóil chun na díospóireachtaí iomlánacha a leanúint.
Uaireanta Oscailte
Dé Luain | Dé Máirt, Dé Céadaoin | Déardaoin |
---|---|---|
14:30 − 18:00 | 8.30 – 18.00 | 8.30 - 12.30 |
Déan féilire Pharlaimint na hEorpa a sheiceáil chun a fheiceáil cathain a tharlaíonn seisiúin Strasbourg.
Tá fáilte roimh ghrúpaí cuairt a thabhairt ar Pharlamentarium Simone Veil sula dtabharfaidh siad cuairt ar an Seomra Tionóil nó tar éis na cuairte sin gan áirithint a dhéanamh roimh ré.
Cuimhneachán Alsace-Moselle
Is féidir le cuairteoirí ar Chuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck foghlaim faoi stair an réigiúin; idir an saol mar a bhí ar Líne Maginot agus léirscrios an Dara Cogadh Domhanda agus an t-athmhuintearas Franc-Ghearmánach agus atógáil na hEorpa. Tá cead isteach saor in aisce do ghrúpaí freisin a thugann cuairt ar Pharlaimint na hEorpa le linn na seachtaine céanna, nuair a chuirfear a litir deimhnithe i láthair.
Inrochtaineacht
Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d'fheabhsú seasta na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Má bhíonn gá agat nó ag duine éigin i do ghrúpa le cúnamh speisialta, tabhair fógra dúinn roimh ré.
Saoráidí
I limistéar na gcuairteoirí tá caifé le deochanna fuara agus sneaiceanna blasta agus siopa bronntanas nach mbíonn oscailte ach amháin le linn seachtainí seisiún iomlánach. Cuirtear ceaintín na gcuairteoirí ar fáil do ghrúpaí le háirithint | restauration-reservation-strasbourg@ext.europarl.europa.eu.
Ní bhíonn seomra na gcótaí, atá suite ag slí isteach na gcuairteoirí i ndiaidh an lárionaid slándála, ar fáil ach amháin le linn seisiúin iomlánacha.
Slándáil
Cuireann Parliamint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlíntí sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:
- Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
- Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
- Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí ach bíonn cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil i rith seisiún iomlánach.
- Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
- Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire. Moltar do chuairteoirí é a úsáid.
- Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta, cluasáin neamhindiúscartha agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
- Déantar monatóireacht ar an caighdeán aeir chun aeráil sásúil a chinntiú.
- Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víreas COVID-19 agus faoi na bearta coisctheacha sa Fhrainc, téigh chuig www.gouvernement.fr/info-coronavirus.
An leagan is deireanaí: 09/2022