Parlaimint na hEorpa in Strasbourg 

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa

Siúil dorchlaí Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg, féach ar sheomra díospóireachta a Sheomra Tionóil agus caith súil ar Pharlamentarium Simone Veil.

Fad na gníomhaíochta
Méid an ghrúpa Íoslíon 20 go uaslíon 75 duine

Parlaimint na hEorpa in Strasbourg

Strasbourg
Pharlaimint na hEorpa
60'
20-75

Trí chuairt a thabhairt ar an seomra díospóireachta parlaiminteach, faigheann daoine deis den chéad scoth chun atmaisféar uathúil na parlaiminte trasnáisiúnta is mó ar domhan a thógáil isteach. Is ann a thionóltar na díospóireachtaí is tábhachtaí de Pharlaimint na hEorpa agus reáchtáladh mórán vótaí stairiúla ann.

Tá cuairt ar Pharlamentarium Simone Veil san áireamh sna cuairteanna uile ar Pharlaimint na hEorpa. Leis an dinimic agus leis an taispeántas idirghníomhach, tugtar léargas praiticiúil do shaoránaigh, idir shean agus óg, ar ról Pharlaimint na hEorpa, ar a ghrúpaí polaitiúla agus ar obair a Feisirí.

Maireann cuairteanna thart ar 60 nóiméad.

Grúpaí gan áirithint agus cuairteoirí aonair

Cuirtear fáilte roimh ghrúpaí gan áirithint agus cuairteoirí aonair le linn na n-uaireanta oscailte a tháispeántar thíos. Reáchtáiltear cuairteanna agus leas á bhaint as treoracha ilmheán atá a fáil i 24 theanga. D’fhéadfadh sé nach mbeadh treoracha ilmheán ar fáil ag amanna gnóthacha den lá. Má tharlaíonn sé sin, beidh baill foirne i láthair chun ceisteanna a fhreagairt agus labhairt faoi Pharlaimint na hEorpa i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.

Is féidir leat an treoir ilmheán a íoslódáil sula gcuireann tú tús le do chuairt. Tá an aip 'EP Visit Strasbourg' ar fáil ar Apple Store agus ar Google Play.

Uaireanta oscailte

Dé Luain − Dé hAoine Dé Sathairn
09:00 – 18:00 09:30 − 12:00; 13:00 − 18:00
Dé Luain − Dé hAoine
09:00 – 18:00
Dé Sathairn
09:30 − 12:00; 13:00 − 18:00

An bealach isteach deiridh roimh 17:00.

 

Tabhair faoi deara go mbíonn Parlaimint na hEorpa dúnta Dé Domhnaigh, ar laethanta dúnta oifige agus laethanta saoire poiblí.

In 2023: 01-02/01, 06-10/04, 01/05, 12/05, 18-20/05, 29/05, 14/07, 14-15/08, 01-02/11, 25/12-02/01/2024.

Grúpaí ag a bhfuil áirithint le haghaidh turas treoraithe

I féidir le grúpaí (níos mó ná 20 duine) a gcuairt a chur in áirithe le turas treoraithe i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis roimh ré ar líne. Tugtar faoi deara gur féidir grúpaí éagsúla a chomhcheangal le haghaidh turais. Ní mór áirithintí a dhéanamh 2 lá oibre ar a laghad roimh ré.

D’fhéadfadh cuid den chuairt tarlú agus leas á bhaint as na treoracha ilmheán atá ar fáil i 24 theanga.

Cuimhneachán Alsace-Moselle

Is féidir le cuairteoirí ar Chuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck foghlaim faoi stair an réigiúin; idir an saol mar a bhí ar Líne Maginot agus léirscrios an Dara Cogadh Domhanda agus an t-athmhuintearas Franc-Ghearmánach agus atógáil na hEorpa. Tá cead isteach saor in aisce do ghrúpaí freisin a thugann cuairt ar Pharlaimint na hEorpa le linn na seachtaine céanna, nuair a chuirfear a litir deimhnithe i láthair.

Inrochtaineacht

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d'fheabhsú seasta na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Má bhíonn gá agat nó ag duine éigin i do ghrúpa le cúnamh speisialta, tabhair fógra dúinn roimh ré.

Cuairteoirí aonair

Grúpaí

Saoráidí

I limistéar na gcuairteoirí tá caifé le deochanna fuara agus sneaiceanna blasta nach mbíonn oscailte ach amháin le linn seachtainí seisiún iomlánach.

Slándáil

Cuireann Parliamint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlíntí sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:

  • Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
  • Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
  • Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí ach bíonn cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil i rith seisiún iomlánach.
  • Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
  • Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire.  Moltar do chuairteoirí é a úsáid. 
  • Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta, cluasáin neamhindiúscartha agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
  • Déantar monatóireacht ar an caighdeán aeir chun aeráil sásúil a chinntiú.
  • Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló.  Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víreas COVID-19 agus faoi na bearta coisctheacha sa Fhrainc, téigh chuig www.gouvernement.fr/info-coronavirus.

An leagan is deireanaí: 09/2022
 

Map
 

Pharlaimint na hEorpa

Togalach Louise Weiss
1 Allée du Printemps
F-67070 Strasbourg cedex

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Breathnaigh ar láithreán gréasáin SNCF (iarnróid na Fraince)

Réitigh do dhaoine dalla
Caifé
Réitigh do dhaoine bodhra
Bialann
Míchumas luaile
Wi-fi

Eolas praiticiúil