Cuimhneachán Alsace-Moselle
Idir 1870 agus 1945, d’athraigh na hAlsáisigh agus muintir Moselle (dúchasaigh an réigiúin) a náisiúntacht ceithre huaire agus bhí a dteorainneacha ina splancphointe de choimhlint Fhranc-Ghearmánach.
Tabhair cuairt ar Chuimhneachán Alsace-Moselle agus cuir eolas ar stair uathúil an réigiúin; ón saol mar a bhí ar Líne Maginot agus léirscrios an Dara Cogadh Domhanda go dtí an t-athmhuintearas Franc-Ghearmánach agus atógáil na hEorpa.
Comhlánaíonn Chemins d’Europe, an chuid dheireanach den bhuantaispeántas atá tiomnaithe don Eoraip, eispéireas na gcuairteoirí, agus radharc stairiúil á thabhairt aige ar stair na hEorpa agus lánpháirtiú na hEorpa ó 1945.
Amchlár
Luan – Domhnach | ||
---|---|---|
9:30 - 18:00 | Teacht isteach deiridh 17:00 |
Cead isteach
Is é €8 in aghaidh an duine an praghas atá ann le haghaidh grúpa cuairteoirí agus éillíonn sé líon íosta 15 duine.
Áirithintí agus tuilleadh eolais
Le haghaidh áirithintí agus tuilleadh ceisteanna, is féidir glaoch ar: +33 88 47 45 50 nó tabhair cuairt ar a suíomh gréasáin: Cuimhneachán Alsace-Moselle.