Station Europe - Beartas príobháideachais 

Beartas príobháideachais

Cén fáth go bhfuil gá ag an aip seo le rochtain ar an gceamara?

Caithfidh an ceamara an timpeallacht a scanadh chun dromchla cothrom oiriúnach a fháil chun an tsamhail 3D a thaispeáint. Nuair a aimsítear an suíomh seo, tógfaidh an aip an tsamhail ar an dromchla seo agus cuirfear tús leis an eispéireas.

Ní thaifeadfar aon íomhá agus an aip á húsáid.

 

Faisnéis a bhaineann le cosaint sonraí - Rialachán (AE) 2018/1725

Ní phróiseálann (ní bhailíonn, ní stórálann, ní úsáideann srl.) an aip seo agus níl rochtain aici ar aon sonra pearsanta lena n-áirítear seoladh IP, córas oibriúcháin, Aitheantas an Ghairis, suíomh srl.