Glac ról mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa chugat féin chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bpróiseas a bhaineann le dlíthe an Aontais a dhréachtú. Roinntear na himreoirí i gceithre ghrúpa pholaitiúla agus déanann siad dlíthe Eorpacha a scrúdú, a phlé agus a ghlacadh (nó a dhiúltú). Ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais.
2 uair an chloig. Ba cheart duit 2 uair an chloig a chaitheamh ar an gcuairt chomhcheangailte seo.
- Caithfidh na himreoirí a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad
- Ba cheart go mbeadh 12 imreoir ar a laghad agus 30 imreoir ar a mhéad ann
- Tá Cuairt an Ghrúpa agus an Cluiche Rólghníomhaíochta ar fáil Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin ar 10am