Cur i láthair ginearálta faoin Aontas Eorpach
Cad a dhéanann an tAontas? Conas a oibríonn Feisirí in Strasbourg? Conas a thagann dlí den Aontas ar an bhfód? Agus cén difear atá ann idir an Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh?
Leis na ceisteanna sin agus ceisteanna eile, gheobhaidh na rannpháirtithe léargas ar an Aontas Eorpach agus a institiúidí: na tascanna atá acu agus an dóigh a n-oibríonn siad le chéile.
Bíonn cur i láthair ginearálta faoin Aontas Eorpach ar fáil ón Luan go hAoine ar 11:00 r.n. agus 3:00 i.n. (tús an chur i láthair) i mBéarla, Fraincis, Lucsambuirgis, Gearmáinis agus i dteangacha eile den Aontas de réir infhaighteachta.
- Ó 15 bliana d'aois.
- Ó 20 go 80 duine
- Fad: thart ar 1 uair
Slándáil
Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh:
- Is gá doiciméad aitheantais fisiciúil bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa. Má chláraigh tú roimh ré agus má thug tú sonraí maidir le do dhoiciméad aitheantais cheana, ní mór duit an doiciméad seo a thabhairt leat chuig an bParlaimint ar lá do chuairte.
- Ní ghlacfar le fótachóipeanna de chártaí aitheantais, le cártaí aitheantais íoslódáilte chuig fóin phóca, nó le ceadúnais tiomána.
- Ní mór duine fásta a bheith in éineacht le mionaoisigh faoi bhun 14 bliana d'aois.
- Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a bhféadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
- Ní cheadaítear tralaithe, cásanna ná bagáiste mór eile isteach sna foirgnimh.
- Níl ainmhithe ceadaithe sna foirgnimh ach amháin más treoraithe traenáilte iad do dhaoine lagamhairc nó chun cabhair a thabhairt do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.
- Má eisíodh pas rochtana do chuairteoirí, ní mór dóibh é a chaitheamh ar bhealach sofheicthe agus iad i bhfoirgnimh na Parlaiminte.
- Ceadaítear grianghrafadóireacht agus scannánú i limistéar na gcuairteoirí, ach tá cosc orthu sa limistéar slándála agus i ngailearaí an tSeomra Tionóil le linn seisiúin iomlánacha chomh maith leis na bialanna agus beáir. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na Rialacha lena rialaítear Taifid in áitreabh Pharlaimint na hEorpa.
- Má bhuailtear an t-aláram dóiteáin, fág an foirgneamh láithreach gan a bheith ag rith agus lean na treoracha atá tugtha ag an bhfoireann slándála agus ag na saorálaithe aslonnaithe.
- In aon chás éigeandála maidir le sábháilteacht, cuir glao ar 33112 ó aon fhón inmheánach.
- Tá roinnt limistéar faoi réir físfhaireachais de réir Bheartas Físchosanta Pharlaimint na hEorpa.
- Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Is féidir le cuairteoirí ceann a chaitheamh más mian leo.
- Mura mbraitheann tú ar fónamh, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte ar ais a chur romhat nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.
An leagan is deireanaí: 06/2025
Europa Experience
Europa Experience Luxembourg
17 Av. John F. Kennedy l
1855 Kirchberg
Luxembourg