Cuairteanna do ghrúpaí
Tabhair cuairt ar ár spás ilmheáin le cuidiú ónár bhfoireann idirghabhála cultúrtha, chun gach rud a fhoghlaim faoin Aontas atá de dhíth ort! Tráth na gceist faoin taispeántas ar fáil.
Bíonn na cuairteanna ar fáil do ghrúpaí ón Luan go Sathairn ar 10:30 r.n. agus 4:00 i.n. (tús na cuairte) i mBéarla, Fraincis, Lucsambuirgis agus Gearmáinis, de réir infhaighteachta.
- Ó 10 bliana d'aois.
- Ó 10 go 30 duine
- Fad: thart ar 1 uair
Slándáil
Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:
- Is gá doiciméad aitheantais bailí (cárta aitheantais nó pas) a bheith agat chun rochtain a fháil ar fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.
- Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
- Níl sé riachtanach masc aghaidhe a chaitheamh. Ceadaítear gan amhras do chuairteoirí masc aghaidhe a chaitheamh más mian leo ceann a chaitheamh.
- Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta, cluasáin neamhindiúscartha agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
- Déantar monatóireacht ar an caighdeán aeir chun aeráil sásúil a chinntiú.
- Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.
Map
Europa Experience
Europa Experience Luxembourg
17 Av. John F. Kennedy l
1855 Kirchberg
Luxembourg
Míchumas luaile