Cuairt ar an bParlamentarium le linn an choróinvíris
Bearta sláinteachais le linn cuairte
Chun cuairt shábháilte thaitneamhach a chinntiú do gach duine, iarrtar ar chuairteoirí aird a thabhairt ar na bearta seo a leanas:
- Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud an taispeántais. Moltar do chuairteoirí é a úsáid le linn a gcuairte.
- Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse) a ghlanadh go rialta.
Cad eile is féidir a dhéanamh chun tú féin agus cuairteoirí eile a chosaint?
- Má mhothaíonn cuairteoirí tinn nó má bhí teagmháil le déanaí acu le duine tinn, ba cheart an chuairt a chur ar athló.
- Ba cheart do chuairteoirí a lámha a ní go minic le gallúnach agus uisce.
- Ba cheart do chuairteoirí casacht nó sraoth a dhéanamh isteach i gciarsúr páipéir nua gach uair agus ansin é a chaitheamh isteach i mbosca bruscair dúnta. Mura bhfuil ciarsúir pháipéir ar fáil, ba cheart do chuairteoirí casacht nó sraoth a dhéanamh isteach i mbacán a láimhe.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víreas COVID-19 agus faoi na bearta coisctheacha sa Bheilg, téigh chuig www.info-coronavirus.be.