European Quarter Explorer 

European Quarter Explorer

An Bhruiséil
European Quarter

Tabhair cuairt ar an gCeantar Eorpach le turas saor in aisce, ar do luas féin.

Aois an spriocphobail 16 bliana
Fad na gníomhaíochta Ó go -
Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

European Quarter Explorer

An Bhruiséil
European Quarter
Aois an spriocphobail 16 bliana
60-90'
24

An bhfuil tú ag iarraidh níos mó a fháil amach faoin gcathair ina bhfuil cónaí ort? Nó an bhfuil tú ag iarraidh an tairbhe is mó agus is féidir a bhaint as do thuras chun na Bruiséile le turas neamhghnách?

Is feidhmchlár gréasáin é ‘European Quarter Explorer’ a ligeann duit eolas a chur ar cheann de na ceantair is ilchineálaí agus is idirnáisiúnta sa Bhruiséil, an Ceantar Eorpach. Inseoidh treoraithe fíorúla scéalta faoin gceantar duit agus déanfaidh siad cur síos ar na saothair ealaíne den scoth, an ailtireacht nua-aimseartha agus na hiarsmaí staire a fhágann gur ceantar ar leith é. 

Ag gach staid, déanfaidh tú cinneadh faoi cad atá tú ag iarraidh a fhoghlaim: stair seanstáisiúin traenach nach bhfuil ach leathchríochnaithe; tionsclaí ón mBreatain a rinne a shaibhreas trí iarnróid na Beilge; feidhmiú phríomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh; an tionchar a imríonn na dlíthe Eorpacha ar do shaol laethúil; stair Parc Léopold; foirgneamh déanta as adhmad agus gloine ó ar fud na hEorpa; gairdín rúnda; agus i bhfad níos mó. 

Roghnaigh an turas is fearr leat: tá an dá cheann ar fáil in 24 theanga. Ní gá aon rud a íoslódáil, ach bí cinnte go bhfuil nasc idirlín agat agus dóthain cadhnra ag d’fhón póca. Moltar duit cluasáin a bheith agat.

Cliceáil thíos chun blaiseadh a fháil den fheidhmchlár.

Turas treoraithe le Sofia

Dá mbeifeá ag iarraidh eolas a chur ar an gCeantar Eorpach le turas treoraithe, i níos lú ná dhá uair an chloig, is é seo an turas ceart duitse.

Buail le do threoraí fíorúil, Sofia, in Place de Luxembourg. Anseo, cuirfidh tú tús le cuairt ar an áit darb ainm Ceantar Léopold, ainmnithe as an gceád rí a bhí ar an mBeilg, an áit a bhfuil Parliamint na hEorpa lonnaithe anois. 

Beidh tú in ann siúl go timpeallán Schumann, an áit a bhfuil an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle lonnaithe, nó eolas a chur ar áiteanna suimiúla eile sa cheantar. Beidh an turas níos faide nó níos giorra ag brath ar na hábhair a roghnóidh tú, go dtí go bhfillfidh tú ar an túsphointe agus a fhágfaidh tú slán ag do threoraí.

Maireann an turas idir 60 agus 90 nóiméad.

Rúndiamhair Arsène

Dá mbeifeá ag iarraidh eolas a chur ar an gCeantar Eorpach agus má tá suim agat i gcluichí agus tráthanna na gceist, is duitse an turas seo. Bí réidh chun rúndiamhair a nochtadh...

Is treoraí iontach de chuid an Cheantair Eorpaigh í Nina; buail léi go fíorúil in Place de Luxembourg, áit a ndearfaidh sí níos mó leat faoin a sin-seanathair Arsène agus faoin tomhas a d’fhág sé aici. Beidh do chabhair uaithi chun an tomhas a réiteach. Mar mhalairt air sin, tabharfaidh sí timpeall na háite thú, inseoidh sí scéalta faoin gCeantar Eorpach agus na hinstitúidí Eorpacha duit, agus feicfidh sí cé mhéad atá ar eolas agat le cúpla tráth na gceist.

Tar éis an réamhrá, siúlfaidh tú trasna Esplanade Solidarność 1980 i dtreo Pharlaimint na hEorpa, áit ar féidir leat cinneadh a dhéanamh eolas a chur ar an gceantar thart ar thimpeallán Schumann nó leanúint ar aghaidh chuig deireadh na cuairte in Parc Léopold – agus an tomhas a réiteach. 

Mairfidh an turas idir 2 agus 3 uair an chloig.

Map

European Quarter

Esplanade Solidarność 1980
B-1050 An Bhruiséil
An Bheilg

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Eolas praiticiúil