Balla Bheirlín 

Balla Bheirlín

An Bhruiséil
Berlin wall

Déan nasc leis an stair agus faigh amach faoi dhá chuid bhunaidh de Bhalla Bheirlín le linn do chuairte ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

Balla Bheirlín

An Bhruiséil
Berlin wall

Cor cinniúnach ab ea titim Bhalla Bheirlín i stair na hEorpa, a chuir deireadh le ré deighilte ar an mór roinn. Dheighil Balla Bheirlín an Ghearmáin agus an Eoraip óna chéile ó 1961 go dtí 1989. Tar éis gur thit sé i rith na hoíche ar an 9 Samhain 1989, suiteáladh codanna den bhalla in áiteanna éagsúla ar fud an domhain, siombail a léiríonn gur treise an aontacht ná an deighilt.

Stair an dá chuid bhunaidh de Bhalla Bheirlín

Is féidir teacht ar dhá chuid bhunaidh de Bhalla Bheirlín in aice le slí isteach na gcuairteoirí go dtí an Seomra Tionóil.

Dheonaigh cathair Bheirlín ceann amháin de na codanna bunaidh sin de Bhalla Bheirlín do phríomhchathair na hEorpa mar chomhartha siombalach chun athaontú na hEorpa a chomóradh. Tar éis gur baineadh é den suíomh bunaidh ina raibh sé, ag Postdamer Platz i mBeirlín, cuireadh i láthair do phobal na Bruiséile é i bPáirc Leopald ar an 22 Aibreán 2004, an lá sular tháinig deich dtír nua isteach san Aontas Eorpach.

Bhí an dara cuid bhunaidh de Bhalla Bheirlín mar chuid de thaispeántas a eagraíodh in Place du Luxembourg i mí na Samhna 2009 chun comóradh a dhéanamh ar 20 bliain ó thit Balla Bheirlín. Tar éis an taispeántais, fuair Stát na Beilge an píosa sin agus fuair an Coimisiún Eorpach píosa eile ón taispeántas atá ar taispeáint anois taobh amuigh dá cheanncheathrú, ag foirgneamh Berlaymont.

Dheonaigh cathair Bheirlín an chéad phíosa agus tháinig an dara píosa go dtí an Bhruiséil mar chuid den taispeántas. Athlonnaíodh iad go dtí an áit ina bhfuil siad anois in 2021 mar chuid de thionscadal chun iad a chosaint, arna chomheagrú ag Stát na Beilge, Réigiún Príomhchathrartha na Bruiséile agus Parlaimint na hEorpa.

Siombailí den tiomantas don tsíocháin, don tsaoirse agus don daonlathas is ea na codanna den bhalla anois, codanna atá cumhdaithe le graifítí agus inscríbhinní.

Stair Bhalla Bheirlín

Bacainn fhisiciúil agus idé-eolaíoch ab ea Balla Beirlín a roinn Oirthear Bheirlín agus Iarthar Bheirlín ar feadh 28 mbliana. Ba í rialtas Oirthear na Gearmáine a thóg an balla, lenar cuireadh stop ar shaoránaigh éalú go dtí Iarthar na Gearmáine. Tar éis gur thit sé ar an 9 Samhain 1989, athaontaíodh Oirthear na Gearmáine agus Iarthar na Gearmáine bliain amháin ina dhiaidh sin. Laistigh de dhá bhliain, bhí gach réimeas cumannach san Eoraip tar éis titim, rud a réitigh an bealach do thíortha teacht isteach san Aontas Eorpach in 1995, 2004, 2007 agus 2013.

Map

Berlin wall

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Eolas praiticiúil