Parlaimint na hEorpa in Strasbourg – Nuair nach bhfuil an seisiún iomlánach ar siúl
Fáilte go suíomh oifigiúil Pharlaimint na hEorpa! Tá turas chuig an Seomra Tionóil san áireamh i ngach cuairt, mar aon le turas ar Parlamentarium Simone Veil agus ar thaispeántais bhuana agus shealadacha.
Tá na cuairteanna saor in aisce, maireann siad thart ar 60 nóiméad agus tá siad ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Níl sé éigeantach réamháirithint a dhéanamh, ach moltar é do ghrúpaí.
Turais fhéintreoraithe do chuairteoirí
Cuirtear fáilte roimh chuairteoirí aonair agus grúpaí le linn na n-uaireanta oscailte thíos. Reáchtáiltear cuairteanna agus úsáid á baint as treoracha ilmheán atá ar fáil i 24 theanga. B’fhéidir nach mbeadh treoracha ilmheán ar fáil ag amanna gnóthacha den lá. Má tharlaíonn sé sin, beidh baill foirne i láthair chun ceisteanna a fhreagairt agus labhairt faoi Pharlaimint na hEorpa i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
Is féidir leat an treoir ilmheán a íoslódáil sula gcuireann tú tús le do chuairt. Tá aip ‘EP Visit Strasbourg’ ar fáil ar an App Store agus ar an Play Store.
Uaireanta oscailte
Tabhair do d’aire go n-athraíonn uaireanta oscailte le linn seisiúin iomlánacha. Tá an foirgneamh dúnta ar an Domhnach agus ar na laethanta seo a leanas – 2023: 01-02/01, 06-10/04, 01/05, 12/05, 18-19/05, 29/05, 08-10/06, 14-15/08, 01-02/11, 25/12-02/01/2024.
Luan − Aoine | Dé Sathairn | |
---|---|---|
09:00 – 18:00 | 09:30 − 12:00; 13:00 − 18:00 |
Uair dheireanach le teacht isteach: 17:00.
Turais threoraithe do ghrúpaí
Féadann grúpaí (20 duine nó níos mó) turas treoraithe a chur in áirithe. Tá turais threoraithe ar fáil i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis. D’fhéadfadh cuid den chuairt tarlú agus úsáid á baint as treoracha ilmheán atá ar fáil i 24 theanga.
Ní mór áirithint a dhéanamh ar a laghad dhá lá roimh ré, ach is féidir cuairt a chur in áirithe suas le 6 mhí roimh ré.
Cuir turas treoraithe in áirithe
Cuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck
Is féidir le grúpaí a thugann cuairt ar Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg cuairt a thabhairt freisin ar Chuimhneachán Alsace-Moselle in Schirmeck saor in aisce an tseachtain chéanna lena gcuairt. Chun tairbhe a bhaint as iontráil saor in aisce, ní mór do ghrúpaí a ndeimhniú áirithinte a thaispeáint. Mura ndearnadh an chuairt a chur in áirithe roimh ré, is féidir le grúpaí teastas a lorg agus iad ar cuairt go Parlaimint na hEorpa.
Imeachtaí agus taispeántais
Sa bhreis ar chuairt ar an Seomra Tionóil, nár cheart duit cailleadh amach air, is féidir súil a chaitheamh ar thaispeántais bhuana agus shealadacha agus tú ar cuairt, nó páirt a ghlacadh i gceann de na himeachtaí iomadúla a bhíonn ar siúl i bParlaimint na hEorpa i gcaitheamh na bliana.
Inrochtaineacht
Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta d’fheabhsú seasta na rochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Má bhíonn gá agat nó ag duine éigin i do ghrúpa le cúnamh speisialta, tabhair fógra do sheirbhís na gcuairteoirí roimh ré:
Saoráidí
Ó Luan go hAoine, bíonn caifitéire ar oscailt i gceantar na gcuairteoirí.
Slándáil
Cuireann Parlaimint na hEorpa tús áite ar conair shábáilte as aird a thabhairt ar treoirlínte sábhála agus sláinte phoiblí. Iarrtar ar gcuairteoirí an eolas seo a leanas a léamh agus a thabhairt faoi deara le chinntiú go bhfuil dea-chuairt ag gach duine:
- Déanfar seiceálacha slándála i stíl aerfoirt ar gach cuairteoir agus ar gach mála roimh dhul isteach. Tá cosc ar airm thine, substaintí pléascacha nó inadhainte, spraeanna piobair, nithe géara agus rudaí eile a d’fhéadfaí iad a mheas mar airm. I gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta na Beilge, d’fhéadfaí nithe áirithe a bhfuil cosc orthu a thabhairt ar láimh do na póilíní.
- Tá glóthach dífhabhtaithe ar fáil ag an mbealach isteach agus ar fud na conaire. Moltar do chuairteoirí é a úsáid.
- Déantar gach trealamh agus ábhar (mar a dhéantar leis na treoraithe meán pearsanta agus eilimintí taispeántais idirghníomhacha) chomh maith leis na háiseanna sláintíochta poiblí agus limistéir íogaire eile (hanlaí, doirse, taisceadáin) a ghlanadh go rialta.
- Más rud é go bhfuil siomptóim agat, moltar fanacht sa bhaile agus do chuairt a chur ar athló. Beidh áthas orainn fáilte a chur romhat ar ais nuair a bheidh tú ar do sheanléim arís.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi víreas COVID-19 agus faoi na bearta coisctheacha sa Bheilg, téigh chuig www.info-coronavirus.be.
An leagan is deireanaí: 09/2022