Is ceann de na gníomhaíochtaí digiteacha de chuid Parlaimint na hEorpa do ghrúpaí iad na Seimineáir ar líne don Aos Óg Eorpach. Téigh i bpáirt le daoine óga ó thíortha éagsúla AE le haghaidh seisiún tobsmaointeoireachta, plé agus díospóireacht a dhéanamh ar dhúshláin shóisialta. Mar chuid de ghrúpa ilchultúrtha, oibreoidh tú i dteannta a chéile ar ábhair a bhaineann le hEoraip an lae inniu. Smaoineoidh rannpháirtithe ar réitigh nuálacha agus cuirfidh siad i láthair Feisire ó Pharlaimint na hEorpa (FPE) iad.
Is gníomhaíocht dhá uair an chloig é Seimineár ar líne don Aos Óg Eorpach, agus bíonn sé ar fáil go hiondúil i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis. Sa Seimineár, tugtar aghaidh ar ábhair a bhaineann leis an Eoraip agus áirítear an méid seo a leanas ann go hiondúil:
- Fáiltiú agus intreoir do Pharlaimint na hEorpa ar mar a oibríonn an daonlathas Eorpach agus ar mar a fheabhsaíonn sé saol na saoránach.
- Saotharlanna do Thuairimí ina ndéanann foghrúpaí ilnáisiúnta gnéithe éagsúla maidir le hábhar an tseimineáir a phlé, dúshláin a shainaithint, réitigh a chur i láthair agus vótáil ar na moltaí a dhéantar ina leith.
- Seisiún clabhsúir ina gcuireann grúpaí na smaointe is fearr a bhí acu i láthair FPE.
Eispéireas ilchultúrtha do shaoránaigh óga
Tríd an ngníomhaíocht seo, forbrófar scileanna idirphearsanta agus smaointeoireacht chriticiúil na rannpháirtithe. Tiocfaidh difríochtaí cultúrtha, teanga agus sóisialta rompu le linn na ndíospóireachtaí agus vótaí, díreach mar a tharlaíonn d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.
Is é is aidhm do na Seimineáir ar líne don Aos Óg ná an tsaoránacht ghníomhach a chothú agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht na n-óg sa phróiseas daonlathach.
Seimineáir don Aos Óg Eorpach a iarraidh
Is féidir le ceannairí ar grúpaí, idir ionadaithe mic léinn, mhúinteoirí, ollúna ollscoile, léachtóirí nó léachtóirí cúnta, iarraidh a dhéanamh ar Sheimineár ar líne don Aos Óg Eorpach tríd an iarratas ar líne a líonadh. Léirigh, le do thoil, na sonraí seo a leanas:
- Aoisghrúpa na rannpháirtithe: 16-18 nó 18-26 bhliana d’aois.
- Líon na rannpháirtithe (íosmhéid 10; uasmhéid 40)
- Teanga: Béarla, Fraincis nó Gearmáinis. Tá teangacha eile ar fáil arna iarraidh sin agus ag brath ar an soláthar.
- Dátaí.
A luaithe a dheimhneofar an áirithint, seolfar an fhaisnéis theicniúil agus riaracháin go léir chugat.
Má tá aon cheisteanna agat maidir leis na Seimineár ar líne don Aos Óg Eorpach, is féidir leat teagmháil a dhéanamh trí eys@europarl.europa.eu.
I ndiaidh na Seimineár ar líne don Aos óg Eorpach
Roinn do smaointe, tuairimí agus barúlacha faoi eispéaras an tSeimineáir ar líne don Aos óg Eorpach ar www.youthideas.eu.