Láithreán Lucsamburg
Áit ina bhfaightear an chéad seomra tionóil a tógadh do Pharlaimint na hEorpa, anois óstálann Lucsamburg mórán den innealra riaracháin atá riachtanach chun an institiúid a choimeád ag feidhmiú. Bíonn cuairteanna ar an láithreán faoi stiúir fhoireann Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i Lucsamburg agus maireann siad thart ar uair an chloig. Tá cuairt ar an Seomra Tionóil bunaidh agus cur i láthair ar Pharlaimint na hEorpa agus ar na hinstitiúidí Eorpacha san áireamh.
Tá na cuairteanna uile saor in aisce agus eagraítear iad do ghrúpaí idir 20 agus 50 duine. Iarrtar ar cheannairí na ngrúpaí a n-áirithintí a dhéanamh ar a laghad dhá mhí roimh ré. Caithfidh na rannpháirtithe uile a bheith ar a laghad 14 bliana d’aois.
Ní féidir cuairteanna a dhéanamh le linn laethanta saoire poiblí ná seisiúin iomlánacha.