An Ealaín sa Daonlathas
Léiríonn an taispeántas an ceangal atá idir an ealaín agus an daonlathas trí rogha de shaothair ealaíne ó Bhailiúchán Ealaíne Comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa. Cuireann na saothair ealaíne ó thíortha Eorpacha éagsúla léirmhíniú pearsanta ar fáil ar na gnéithe éagsúla den daonlathas. Tugtar suntas don bhaint atá ag an daonlathas ar an éagsúlacht, ar an ionchuimsitheacht agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.
Lig don taispeántas seo spreagadh a thabhairt duit machnamh a dhéanamh ar an nasc tábhachtach atá idir an ealaín agus an daonlathas, comhrá a spreagadh, agus tuiscint níos doimhne a fháil ar an ról atá ag an ealaín i luachanna daonlathacha agus inár sochaí dhaonlathach
Sa Taispeántas An Ealaín sa Daonlathas, ina bhfuil saothair ealaíne ó Bhailiúchán Ealaíne Comhaimseartha Pharlaimint na hEorpa, déantar iniúchadh ar ghnéithe éagsúla den daonlathas, chomh maith le hiarracht chun tábhacht na luachanna sin inár sochaí a nochtadh. Meabhraítear dúinn go bhfuil ról ag saoránaigh na hEorpa freisin maidir leis an daonlathas a chosaint, trí vótáil sna toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin.
Is féidir cuairt a thabhairt ar An Ealaín sa daonlathas sa Parlamentarium sa Bhruiséil go dtí an 7 Eanáir 2024 agus suas go dtí deireadh mhí Meithimh 2024 mar chuid de chuairt ar an Seomra Tionóil.
Tá an taispeántas iomlán ar fáil i 24 theanga ar an suíomh gréasáin tiomnaithe. Tá pacáiste oideolaíoch i 24 theanga san áireamh d’oideoirí freisin, rud a ligeann do mhúinteoirí beocht a chur ar an ábhar sa seomra ranga agus a spreagann do dhaltaí freisin machnamh a dhéanamh ar an daonlathas agus ar an dearcadh atá acu air, trí roinnt gníomhaíochtaí ealaíonta.
Cuirtear na turais threoraithe
Cuirtear na turais threoraithe sin ar fáil i mBéarla, Fraincis, Ollainnis, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Portaingéilis agus Seicis.
Guided tours: 2 April to 31 May
no tours between 22-26 April
Monday | Wednesday | Friday |
---|---|---|
16:30 - 17:15 | 16:30 - 17:15 | 12:15 - 13:00 |