Lá an Ilteangachais 2024 

Spotlight
27-09-2024 go 28-09-2024

Lá an Ilteangachais 2024

An Bhruiséil
European Parliament

Bí linn do Lá Ilteangachais Pharlaimint na hEorpa an 27-28 Meán Fómhair 2024 chun éagsúlacht teanga san Aontas a cheiliúradh!

Lá an Ilteangachais 2024

An Bhruiséil
European Parliament

Bí linn do Lá Ilteangachais Pharlaimint na hEorpa an 27-28 Meán Fómhair 2024 chun éagsúlacht teanga san Aontas a cheiliúradh!

Is é Lá an Ilteangachais do dheis chun féachaint ar chúlra na parlaiminte is ilteangaí ar domhan agus taithí a fháil ar conas a oibríonn Parlaimint na hEorpa in 24 theanga. Buail lenár n-ateangairí, ár n-aistritheoirí, ár saineolaithe cumarsáide agus foireann ilteangach eile, foghlaim faoin obair a dhéanann siad agus leag cos sa Seomra Tionóil.

Cinntíonn an t-ilteangachas gur féidir le gach saoránach den Aontas obair ionadaithe atá tofa go díreach a leanúint in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Is láidreacht de chuid an Aontais í an éagsúlacht teanga agus chultúrtha atá fite fuaite i gconarthaí an Aontais mar chroíluach. Is deis é Lá an Ilteangachais duit an éagsúlacht sin a fheiceáil faoi lán seoil.

Cuirtear clár éagsúil gníomhaíochtaí ar fáil san imeacht thar dhá lá. Dé hAoine 27 Meán Fómhair, is féidir leat ceardlanna a leanúint ar líne agus Dé Satharn 28 Meán Fómhair, fáilteoimid romhat ar an láthair ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

 

Ceardlanna ar líne (Dé hAoine 27 Meán Fómhair)

Téigh amach ar an ateangaireacht agus ar an aistriúchán sna ceardlanna idirghníomhacha seo. Clúdaíonn na seisiúin ar líne gnéithe éagsúla den obair mar ghairmí teanga i bParlaimint na hEorpa agus is deis iontach iad chun do cheisteanna a fhreagairt.

Tá na ceardlanna teoranta do ghrúpaí beaga, mar sin tá clárú éigeantach agus ar bhonn an chéad duine a thagann isteach. Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost daingniúcháin ina mbeidh sonraí i dtaobh conas páirt a ghlacadh. Maireann na seisiúin idir 30 agus 90 nóiméad agus reáchtálfar iad i dteangacha éagsúla.

Osclóidh an clárú an 6 Meán Fómhair 2024 - cuir do sheal in áirithe tríd an ardán clárúcháin.

 

Imeacht i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil (Dé Sathairn 28 Meán Fómhair)

Déan iniúchadh ar an ilteangachas trí ghníomhaíochtaí spraíúla in ionad cuairteoirí SPAAK (10.00-18.00).

URLÁR NA TALÚN

  • Cainteanna le hateangairí agus le haistritheoirí

Faigh tuilleadh léargais ar an ateangaireacht agus an t-aistriúchán le cainteanna ar na gnéithe éagsúla den dá ghairm agus ar an ilteangachas i gcoitinne.

Seomra cruinnithe 0C.11
Ateangaireacht ar chainteanna isteach san Ollainnis, sa Bhéarla, san Fhraincis, sa Ghearmáinis agus san Iodáilis.

10.30-11.00: Lá i saol ateangaire
11.10-11.40: Lá i saol aistritheora
11.50-12.20: Bheith i d’aistritheoir nó i d’ateangaire in aimsir IS
12.30-13.15: An t-ilteangachas sa daonlathas - slí isteach go dtí cultúr Eorpach comhroinnte agus trédhearcacht? Plé painéil le Agnieszka Walter-Drop, Valter Mavrič agus Jaume Duch Guillot, Cinn sheirbhísí ateangaireachta, aistriúcháin agus cumarsáide Pharlaimint na hEorpa

14.45-15.15: Conas a bheith i d’ateangaire nó i d’aistritheoir?
15.25-15.55: Lá i saol ateangaire
16.05-16.35: Lá i saol aistritheora
16.45-17.15: Bheith i d’aistritheoir nó i d’ateangaire in aimsir IS

 

Seomra cruinnithe 0C.41
Cainteanna gan ateangaireacht

11.00-11.45: Cúrsaí oiliúna san aistriúchán agus san ateangaireacht i bParlaimint na hEorpa

13.30-14.15: Léaráidí teanga mhéadú an Aontais

15.30 - 16.15: Cúrsaí oiliúna san aistriúchán agus san ateangaireacht i bParlaimint na hEorpa

 

 

  • Both grianghraf: faigh cuimhneachán Lá an Ilteangachais!
  • Both fuaime: taifead an nuacht in aon cheann de 24 theanga oifigiúil an Aontais agus bí mar ancaire don lá! Ansin déantar an comhad fuaime a chur in eagar, a mheascadh agus a sheoladh chugat mar chlosghram is féidir a roinnt le cairde agus gaolta.
  • Ceardlann ‘Scríobh agus aistrigh ábhar ilmheán go soiléir’: foghlaim conas téacsanna scríofa a oiriúnú do na meáin éagsúla ar shlí shoiléir agus inrochtana, ansin déan é a thaifeadadh inár mboth fuaime.

Is gá clárú ag an bhFáiltiú ar urlár na talún.

  • My House of European History, cúinne taifeadta: suigh síos agus cuir do scéal Eorpach leis an gcomhthionscadal staire seo.
  • Tatúnna sealadacha: Taispeáin do ghrá do theangacha le tatú.
  • Europarl Radio: beidh ár Europarl Radio féin á chraoladh beo ó Lá an Ilteangachais. Bí ag éisteacht le hagallaimh ilteangacha le haistritheoirí, ateangairí agus rannpháirtithe, ceol Eorpach agus léargais eisiacha ón imeacht... pé áit a bhfuil tú!
  • Bí i d’Fheisire – Eispéireas Réaltachta Fíorúil in 24 theanga: Léim isteach sa réaltacht fhíorúil agus i ról mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (foghlaim faoin Turas digiteach go Parlaimint na hEorpa).


AN CEATHRÚ hURLÁR

  • Téigh i dtaithí ar Sheomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa (10.30-17.00, gach 30 nóiméad). Faigh amach cá mbíonn díospóireachtaí agus vótaí ar siúl. Cur i láthair ilteangach le ceisteanna agus freagraí.

Clárúchán os comhair an tSeomra Tionóil ar an 4ú hurlár.

  • Bothanna ateangaireachta: triail ateangaireacht inár mbothanna cleachtais agus faigh aiseolas ó ateangaire!
  • Tabhair cuairt ar bhoth: cuairt threoraithe ar cheann de na bothanna ateangaireachta sa Seomra Tionóil.

Clárúchán ar an 4ú hurlár.

  • Falla grianghraf: glac grianghraf le seans duais a bhuachan!
  • Cluichí teanga: Cluichí do leanaí agus do dhaoine fásta. Tar agus triail do scileanna teanga ar shlí spraíúil!
  • Ceardlanna an aistriúcháin agus na teanga soiléire i mBéarla, i bhFraincis, in Ollainnis agus i nGearmáinis: bain triail as an aistriúchán lenár n-aistritheoirí saineolacha, agus/nó foghlaim bunghnéithe na teanga soiléire ar shlí idirghníomhach.

Is gá clárú ag an bhFáiltiú ar urlár na talún.

  • An t-aistriúchán faoi lán seoil: bain triail as téacs a aistriú go dtí do mháthairtheanga trí na huirlisí a úsáideann ár n-aistritheoirí agus faigh leideanna agus cleasanna ó na gairmithe!

 

Map

European Parliament

Paul-Henri Spaak Building
Wiertzstraat 60
1047 Brussels, Belgium

Teagmháil

Conas an áit a bhaint amach

Breathnaigh ar láithreán gréasáin SNCF (iarnróid na Fraince)

Míchumas luaile

Eolas praiticiúil