Lá an Ilteangachais 2025
Lá an Ilteangachais 2025
Bí linn do Lá an Ilteangachais i bParlaimint na hEorpa, an 26-27 Meán Fómhair 2025, chun éagsúlacht teanga san Aontas Eorpach a cheiliúradh! I mbliana, beimid ag díriú ar an téama ‘An tIlteangachas: San am atá thart, faoi láthair agus sa todhchaí.’
Lá an Ilteangachais 2025
Is é Lá an Ilteangachais do dheis chun féachaint ar chúlra na parlaiminte is ilteangaí ar domhan agus taithí a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa in 24 teanga. Buail lenár n-ateangairí, ár n-aistritheoirí, ár ndlítheangeolaithe, ár saineolaithe cumarsáide agus daoine eile den fhoireann ilteangach, cuir eolas ar an obair a dhéanann siad agus leag cos sa Seomra Tionóil.
Agus muid ag déanamh machnaimh ar an am atá thart, ag ceiliúradh an ama i láthair agus ag samhlú an ama atá le teacht, tá an t-ilteangachas fós ina snáithe cumhachtach trína nasctar glúnta d’Eorpaigh. Déanann sé ár n-oidhreacht a chaomhnú, daonlathas cuimsitheach a chumasú sa lá atá inniu ann agus an bealach a réiteach do thodhchaí aontaithe, éagsúil.
Cinntíonn an t-ilteangachas gur féidir le gach duine san Aontas obair ár n-ionadaithe a thoghtar go díreach a leanúint in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Tá an éagsúlacht teanga agus chultúrtha ar cheann de láidreachtaí an Aontais agus tá sí cumhdaithe i gconarthaí an Aontais. Is deis é Lá an Ilteangachais duit an éagsúlacht sin a fheiceáil faoi lán seoil.
Cuirtear clár éagsúil gníomhaíochtaí ar fáil san imeacht thar dhá lá. Dé hAoine an 26 Meán Fómhair, is féidir leat ceardlanna a leanúint ar líne agus Dé Satharn an 27 Meán Fómhair, fáilteoimid romhat ar an láthair ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.
Ceardlanna ar líne (Dé hAoine 26 Meán Fómhair)
Cuir eolas níos fearr ar an ateangaireacht agus ar an aistriúchán sna ceardlanna idirghníomhacha seo. Clúdaíonn na seisiúin ar líne gnéithe éagsúla den obair mar ghairmí teanga i bParlaimint na hEorpa agus is deis iontach iad chun freagraí a fháil ar do cheisteanna.
Tá na ceardlanna teoranta do ghrúpaí beaga. Mar sin, tá clárú éigeantach agus ar bhonn ‘tús freastail ar an té is túisce’. Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost deimhniúcháin ina mbeidh sonraí i dtaobh conas páirt a ghlacadh. Maireann na seisiúin idir 30 agus 90 nóiméad agus reáchtálfar iad i dteangacha éagsúla.
Imeacht i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil (Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair)
Cuir eolas ar an ilteangachas trí ghníomhaíochtaí spraíúla i limistéar cuairteoirí PAUL-HENRI SPAAK Pharlaimint na hEorpa (lean na comharthaí ‘GROUP & HEMICYCLE VISITS’) idir 10:00 agus 18:00.
Beidh ort clárú ag an mbealach isteach. Tabhair cárta aitheantais náisiúnta bailí nó pas bailí leat le do thoil (ní ghlactar le ceadúnais tiomána).
CAINTEANNA
Faigh tuilleadh eolais ar an ateangaireacht agus aistriúchán le cainteanna ar na gnéithe éagsúla den dá ghairm agus ar an ilteangachas i gcoitinne.
Seomra cruinnithe 0C.11
Ateangaireacht go hOllainnis, Béarla, Fraincis, Gearmáinis agus Iodáilis ar na cainteanna.
Déanfar na cainteanna a thras-scríobh agus a aistriú beo ar d’fhón nó do tháibléad i dteangacha oifigiúla an Aontais. Ní gá ach na cóid QR ‘Caint go téacs’ sa seomra a scanadh.
| 10:30 – 11:00 | Gairm amháin, dhá ghlúin: comhrá faoin aistriúchán |
|---|---|
| 11:10 – 11:40 | Gairm amháin, dhá ghlúin: comhrá faoin ateangaireacht |
| 11:50 – 12:20 | Níos mó ná an meaisín: an t-athrú ar ról na n-aistritheoirí agus na n-ateangairí |
| 12:30 – 13:15 | An t-ilteangachas i gcroílár dhaonlathas na hEorpa: An t-am atá thart, an t-am i láthair, an t-am atá le teacht – Plé painéil le Leas-Uachtarán na Parlaiminte Martin Hojsík agus le Christian Mangold, Valter Mavrič agus Juan Carlos Jiménez Marín, Cinn na seirbhísí cumarsáide, aistriúcháin agus ateangaireachta i bParlaimint na hEorpa |
| 13:45 – 14:30 | Inrochtaineacht agus cuimsiú i bParlaimint ilteangach |
| 14:45 – 15:15 | Meonta a leathnú: conair theangeolaíoch an Aontais i dtreo an mhéadaithe |
| 15:25 – 15:55 | Gairm amháin, dhá ghlúin: comhrá faoin aistriúchán |
| 16:05 – 16:35 | Gairm amháin, dhá ghlúin: comhrá faoin ateangaireacht |
| 16:45 – 17:15 | Níos mó ná an meaisín: an t-athrú ar ról na n-aistritheoirí agus na n-ateangairí |
Seomra cruinnithe 0C.41
Cainteanna gan ateangaireacht
| 10:30 – 11:15 | Ateangaireacht in imeacht na mblianta |
|---|---|
| 11:30 – 12:15 | Ag glaoch ar ghairmithe teanga na todhchaí: sealanna oiliúna i bParlaimint na hEorpa |
| 13:30 – 14:15 | An t-ilteangachas sa lá atá inniu ann: gairmithe teanga i lár an aonaigh |
| 14:30 – 15:00 | Conas a bheith i d’ateangaire nó i d’aistritheoir? |
| 15:30 – 16:15 | Ag glaoch ar ghairmithe teanga na todhchaí: sealanna oiliúna i bParlaimint na hEorpa |
CEARDLANNA
- ‘Taobh thiar den áibhéil: ficsean IS a dheighilt ó réaltacht an aistriúcháin’ –Déantar iniúchadh sa cheardlann idirghníomhach seo ar a bhfuil i gceist le IS do ghairmithe teanga. Thar uair an chloig, iniúchfaidh rannpháirtithe cumais agus teorainneacha reatha IS san aistriúchán. Scrúdóidh siad samplaí fíorshaoil ó sheirbhís aistriúcháin Pharlaiminte na hEorpa, ina dtaispeánfar mar a sáraíonn IS agus nuair nach féidir saineolas an duine a ionadú. Críochnóidh an seisiún le cleachtadh praiticiúil. Deartha do mhic léinn staidéir teanga agus gairmithe atá eolach ar theicneolaíocht aistriúcháin, tabharfaidh an cheardlann seo léargais phraiticiúla ar thírdhreach aistriúcháin atá ag athrú i gcónaí.
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Ceardlanna in Ollainnis, Béarla, Fraincis agus Gearmáinis faoin aistriúchán agus teanga shoiléir, – Bain triail as an aistriúchán lenár n-aistritheoirí saineolacha, agus/nó foghlaim bunghnéithe na teanga soiléire ar shlí idirghníomhach.
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Geautomatiseerde vertaling in het Europees Parlement: ontdek hoe de vertalers van het Parlement hun werk doen in deze tijd van automatisering en AI. (Is in Ollainnis a bheidh an cheardlann seo ar siúl. Meaisínaistriúchán i bParlaimint na hEorpa)
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Translation slam with the English Translation Unit – Come and put your translation skills to the test in this battle of wit and words! Language requirements: ability to work from either French, German or Spanish into C1 English. (Is i mBéarla a bheidh an cheardlann seo ar siúl. Seisiún aistriúcháin le hAonad Aistriúcháin an Bhéarla)
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Level up your English with Parliament’s translators – Analyse an English source text with two of Parliament’s translators, discuss potential translation challenges and explore possible solutions and strategies. Language requirements: minimum C1 level of English. (Is i mBéarla a bheidh an cheardlann seo ar siúl. Cuir barr feabhais ar do scileanna Béarla le haistritheoirí na Parlaiminte.)
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Using clear language to write effective emails – We use email a lot, but are we communicating effectively? This workshop shows you how clear language can improve your email communication, and gives you the chance to apply some tips and tricks to practical examples. (Is i mBéarla a bheidh an cheardlann seo ar siúl. Úsáid a bhaint as an teanga shoiléir chun ríomhphoist éifeachtacha a scríobh.)
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Joute de traduction française : Duel sur des titres de presse anglophone. Chaque traducteur défendra sa version française pour remporter le vote du public. (Is i bhFraincis a bheidh an cheardlann seo ar siúl. Coimhlint aistriúcháin, Béarla go Fraincis)
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
- Le langage clair dans la traduction vers le français : Présentation théorique sur le langage clair et application à la traduction en français clair d'un texte (mal) rédigé en anglais. (Is i bhFraincis a bheidh an cheardlann seo ar siúl. An teanga shoiléir san aistriúchán go Fraincis.
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
-
Vom Diktiergerät zur KI: Die Evolution der Mehrsprachigkeit im Europäischen Parlament
Ein Überblick über den Wandel institutioneller Übersetzung – von traditioneller Sprachmittlung bis zur KI-gestützten maschinellen Übersetzung (z. B. ChatGPT, DeepL). Was bleibt, was verändert sich, was kommt? (Is i nGearmáinis a bheidh an cheardlann seo ar siúl. Idir mheaisíní deachtaithe agus an intleacht shaorga: an t-athrú atá tagtha ar an ilteangachas i bParlaimint na hEorpa)
Is gá clárú ar líne (ag oscailt an 22 Meán Fómhair)
-
An t-ilteangachas faoi lán seoil: ag tógáil foirne ateangaireachta éifeachtacha–
Glac páirt i gceardlann idirghníomhach chun foirne ateangaireachta a chur le chéile do chruinnithe parlaiminteacha. Faigh amach conas a dhéantar na foirne a chothromú, agus na príomhrialacha agus teaglamaí teangacha á gcur san áireamh.
Ní gá clárú (tús freastail ar an té is túisce)
- Oiliúint cuimhne agus teicnící glactha nótaí – Faigh amach faoi na scileanna iontacha cuimhne agus glactha nótaí atá ag ateangairí comhdhála Pharlaimint na hEorpa. Bain triail as teicnící simplí chun eolas tábhachtach a thógáil isteach agus a choinneáil i gcásanna struis, nuair a bhíonn tábhacht le gach mionsonra.
Ní gá clárú (tús freastail ar an té is túisce)
- Ag nascadh cultúr: inniúlacht chultúrtha san ateangaireacht – Foghlaim conas dul i ngleic le miondifríochtaí cultúrtha chun cumarsáid shoiléir mheasúil a chinntiú, trí ghnéithe amhail cumarsáid neamhbhriathartha, nathanna cainte, agus stíleanna cumarsáide a chur san áireamh.
Ní gá clárú (tús freastail ar an té is túisce)
- Ealaín & Teanga: ceardlann idirghlúine – Bain triail as cur síos a dhéanamh ar an ealaín i gcomhthéacs polaitiúil agus bíodh spraoi agat ag an am céanna. Oiriúnach do gach aois.
Clárúchán ar an 4ú hurlár.
TUILLEADH IMEACHTAÍ
- Cuir eolas ar Sheomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa (10:30-17:00, gach 30 nóiméad) – Cuir eolas ar an seomra ina mbíonn díospóireachtaí agus vótaí na Parlaiminte ar siúl. Cur i láthair ilteangach le ceisteanna agus freagraí.
Clárúchán os comhair an tSeomra Tionóil ar urlár na talún.
- Cuairt ar bhoth – Cuairt threoraithe ar cheann de na bothanna ateangaireachta sa Seomra Tionóil.
Clárúchán ar an 4ú hurlár.
- Cúinne taifeadta My House of European History – Suigh síos agus cuir do scéal Eorpach leis an gcomhthionscadal staire seo.
- Europarl Radio – Beidh ár Europarl Radio féin ag craoladh beo ó Lá an Ilteangachais. Bí ag éisteacht le hagallaimh ilteangacha le haistritheoirí, ateangairí agus rannpháirtithe, ceol Eorpach agus léargais eisiacha ón imeacht ... pé áit a bhfuil tú!
- Ilteangachas ag Europa Experiences – Bain triail as ár dtráth na gceist agus faigh tuilleadh eolais faoinár moil Eorpacha i dtíortha an Aontais.
- Gradam Lucht Féachana LUX – Arbh eol duit gurb í Parlaimint na hEorpa an t-aon pharlaimint ar domhan a bhronnann gradam scannánaíochta? Tugann Gradam Lucht Féachana LUX ómós do chúig scannán Eorpacha den chéad scoth gach bliain. Déantar na scannáin ainmnithe a fhotheidealú i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais — agus i mbliana, chun inrochtaineacht a chinntiú do chách, cuirfear Fotheidil do Dhaoine atá Bodhar nó Daoine faoi Allaíre (SDH) ar na scannáin. Eagraíonn Parlaimint na hEorpa taispeáintí saor in aisce de na scannáin ainmnithe i ngach Ballstát. Tabhair cuairt ar an seastán seo chun tuilleadh a fháil amach faoi Ghradam Lucht Féachana LUX agus an próiseas fotheidealaithe.
TAITHÍ PHRAITICIÚIL
- Bothanna ateangaireachta – Bain triail as an ateangaireacht inár mbothanna cleachtaidh agus faigh aiseolas ó ateangaire!
- An t-aistriúchán faoi lán seoil – Ar smaoinigh tú riamh ar an gcaoi a n-oibríonn an t-aistriúchán san Aontas Eorpach? Bain triail as tú féin! Bain triail as na huirlisí a úsáidtear sa Pharlaimint chun téacsanna, físeáin agus leasuithe a aistriú agus féach mar a thacaíonn an teicneolaíocht leis an daonlathas ilteangach.
- Both fuaime an Bhlúirín Nuachta – Déan taifeadadh ar an nuacht in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus bí i do phríomhláithreoir don lá! Ansin déantar an comhad fuaime a chur in eagar, a mheascadh agus a sheoladh chugat mar chlosghram a fhéadfaidh tú a roinnt le cairde agus gaolta.
- Líonrú luais lenár ngairmithe teanga – Faigh amach faoin raon gairmeacha teanga éagsúla i bParlaimint na hEorpa agus cuir ceisteanna ar ár ngairmithe faoina gcuid oibre. (11:20 go 12:20, agus 16:00 go 17:00)
- Buail le do ghairmithe teanga – An bhfuil suim agat i seirbhísí teanga na Parlaiminte? Buail isteach chun labhairt leis na saineolaithe!
SPRAOI AGUS SPÓRT
- Cluichí teanga – Cluichí do leanaí agus do dhaoine fásta. Tástáil do chuid scileanna teanga ar bhealach spraíúil!
- Tatúnna sealadacha – Taispeáin do ghrá do theangacha le tatú.
- Faigh amach faoi theangacha Uachtaránachtaí 2025 an Aontais Eorpaigh – Buail isteach agus foghlaim roinnt nathanna bunúsacha sa Pholainnis agus sa Danmhairgis le mioncheachtanna spraíúla, praiticiúla. Níl aon taithí ag teastáil, ní theastaíonn ach fiosracht!
- Balla grianghraif – Glac grianghraf chun seans a bheith agat duais a bhuachan!
Tuilleadh faisnéise
Lá i saol an aistritheora agus an ateangaire
Conas is féidir liom a bheith i m’aistritheoir nó i m’ateangaire?
Gairmeacha atá ag síorathrú
An t-ilteangachas – cad é?
Sealanna oiliúna san aistriúchán
| Sceideal | |
|---|---|
| 10:00 – 10:30 | An áit a dtagann an Eoraip le chéile i 24 theanga Foghlaim faoin Seomra Tionóil, áit a mbíonn na díospóireachtaí agus na vótaí is tábhachtaí de chuid Pharlaimint na hEorpa ar siúl i 24 theanga. |
| 10:30 – 11:15 | Lá i saol an aistritheora agus an ateangaire Faigh léargas ar shaol na ngairmithe a éascaíonn an obair i 24 theanga a chur i gcrích. Conas a ullmhaíonn siad do mhórdhíospóireachtaí? |
| 11:15 – 12:00 | Conas is féidir liom a bheith i m’aistritheoir nó i m’ateangaire? Faigh amach cén oiliúint agus cé na cáilíochtaí is gá duit a bheith agat le bheith i d’aistritheoir nó i d’ateangaire, agus cén chonair a bheadh oiriúnach duit. |
| 13:00 – 13:45 | Sealanna oiliúna san aistriúchán Faigh amach cad atá i gceist le seal oiliúna aistriúcháin i bParlaimint na hEorpa, na próifílí atá uainn agus conas iarratas a dhéanamh, agus beidh deis agat cloisteáil ó iar-oiliúnaithe faoi gach ar cheap siad féin faoi. |
| 14:00 – 14:45 | Parlaimint na hEorpa mar áit oibre ilteangach Plé beo le daoine atá ag obair i bParlaimint na hEorpa maidir le tábhacht na dteangacha san obair a dhéanann siad. |
| 14:45 – 15:30 | Gairmeacha atá ag síorathrú Féach an chaoi a bhfuil an teicneolaíocht ag athrú róil agus bealaí oibre na n-aistritheoirí agus na n-ateangairí, ó uirlisí nua go cúraimí nua. |
| 15:30 – 15:45 | Éagsúlacht teanga riamh anall – Roghbhlúirí as Áras Stair na hEorpa Faigh spléachadh ar stair na dteangacha san Eoraip trí réada agus scéalta ónár mbuantaispeántas agus faigh amach faoin gcaoi ar mhúnlaigh siad sin an mhór-roinn. |
| 15:45 – 16:30 |
An t-ilteangachas – cad é? Aoichainteoirí: Nicola Beer – Leas-Uachtarán de Pharlaimint na hEorpa, Sven Gatz – Aire an Ilteangachais sa Bhruiséil, Agnieszka Walter-Drop – Ard-Stiúrthóir um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha, Valter Mavrič – Ard-Stiúrthóir an Aistriúcháin agus Jaume Duch Guillot – Ard-Stiúrthóir na Cumarsáide. |
Lá an Ilteangachais 2020 le feiceáil BEO ar líne an 26 Meán Fómhair
Seomra Tionóil
Paul-Henri Spaak Building
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 Brussels
Belgium
Conas an áit a bhaint amach
Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.