Laethanta an Ilteangachais 2026  

Spotlight
13-11-2026 go 14-11-2026

Laethanta an Ilteangachais 2026

An Bhruiséil
Seomra Tionóil

Bí linn ag Laethanta Ilteangachais Pharlaimint na hEorpa an 13 agus an 14 Samhain 2026 chun teangacha agus a ról i ndaonlathas na hEorpa a cheiliúradh! I mbliana, beimid ag díriú ar dhearcthaí a leathnú.

Gach aois bliana
aaa Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Laethanta an Ilteangachais 2026

An Bhruiséil
Seomra Tionóil
Gach aois bliana
aaa Teangacha a bheidh ar fáil le linn na gníomhaíochta 24

Bí linn ag Laethanta Ilteangachais Pharlaimint na hEorpa an 13 agus an 14 Samhain 2026 chun teangacha agus a ról i ndaonlathas na hEorpa a cheiliúradh! I mbliana, beimid ag díriú ar dhearcthaí a leathnú.

Is deis iad Laethanta an Ilteangachais chun a fháil amach cad a tharlaíonn sa chúlra sa pharlaimint is ilteangaí ar domhan agus chun foghlaim faoin dóigh a n-oibríonn Parlaimint na hEorpa i 24 teanga. Buail lenár ngairmithe teanga – ateangairí, aistritheoirí, dlítheangeolaithe – chomh maith le saineolaithe cumarsáide agus baill foirne eile a oibríonn le teangacha. Foghlaim faoina gcuid oibre agus faigh amach faoin Seomra Tionóil aitheanta, ceanncheathrú Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

Cinntíonn an t-ilteangachas, úsáid roinnt teangacha, gur féidir le gach duine san Aontas obair ár n-ionadaithe a thoghtar go díreach a leanúint in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Tá an éagsúlacht teanga agus chultúrtha ar cheann de láidreachtaí an Aontais agus tá stádas uathúil ag na hEorpaigh ar an ardán domhanda dá bharr. Is deis iad Laethanta an Ilteangachais chun an éagsúlacht sin a fheiceáil faoi lán seoil.

Cuirtear clár éagsúil gníomhaíochtaí ar fáil san imeacht thar dhá lá. Dé hAoine an 13 Samhain, is féidir leat páirt a ghlacadh i gceardlanna ar líne, agus Dé Sathairn an 14 Samhain, cuirfimid fáilte romhat ar an láthair i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil.

Ceardlanna ar líne | Dé hAoine, an 13 Samhain

Faigh léargas níos fearr ar an ateangaireacht agus ar an aistriúchán ag na ceardlanna idirghníomhacha seo. Clúdaíonn na seisiúin ar líne gnéithe éagsúla den obair mar ghairmí teanga i bParlaimint na hEorpa agus is deis iontach iad chun freagraí a fháil ar do cheisteanna.

Tá na ceardlanna teoranta do ghrúpaí beaga, mar sin tá clárú éigeantach agus ar bhonn ‘tús freastail ar an gceann is túisce’. Nuair a bheidh tú cláraithe, gheobhaidh tú ríomhphost daingniúcháin ina mbeidh sonraí i dtaobh conas páirt a ghlacadh. Maireann na seisiúin idir 30 agus 90 nóiméad agus reáchtálfar iad i dteangacha éagsúla.

 

Imeacht ar an láthair | Dé Sathairn, an 14 Samhain

Foghlaim faoin ilteangachas trí ghníomhaíochtaí spraíúla i limistéar cuairteoirí PAUL-HENRI SPAAK i bParlaimint na hEorpa (lean na comharthaí ‘CUAIRTEANNA GRÚPA & SEOMRA TIONÓIL’) idir 10.00 agus 18.00 (iontráil dheireanach ag 17.00).

Ní mór duit clárú ag an mbealach isteach. Tabhair cárta aitheantais náisiúnta nó pas bailí leat (ní ghlactar le ceadúnais tiomána).

CAINTEANNA

Tar chuig ár gcainteanna i dteangacha éagsúla chun níos mó a fhoghlaim faoi theangacha, faoin dóigh ar féidir dearcthaí a leathnú leo, agus faoin dóigh a n-oibríonn ateangaireacht agus aistriúchán i bParlaimint na hEorpa.

Seomra cruinnithe 0C.11

Ateangaireacht ar chainteanna go hOllainnis, go Béarla, go Fraincis, go Gearmáinis agus go hIodáilis.

 

11:00 – 11:45 Parlaimint amháin, neart teangacha: an dóigh a n-oibríonn ár ngairmithe teanga duitse i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
12:00 – 12:45 Dearcthaí a leathnú tríd an ilteangachas: an dóigh a dtugann teangacha daoine le chéile, a gceanglaíonn siad cultúir le chéile agus a nascann siad an tAontas leis an domhan mór
13:00 – 13:45

Tréimhsí Oiliúna: an dóigh ar féidir le tréimhse oiliúna Schuman i bParlaimint na hEorpa do dhearcadh ar theangacha agus do dheiseanna gairmiúla a leathnú [gan ateangaireacht]

14:30 – 15:15 Gairmeacha: an dóigh a bheith i d’ateangaire nó i d’aistritheoir i bParlaimint na hEorpa
15:30 – 16:15 Intleacht Shaorga: úsáid IS san ionad oibre agus an dóigh a dtacaíonn IS le hobair ateangairí agus aistritheoirí
16:30 – 17:15 Méaduithe amach anseo: an dóigh a n-ullmhaíonn an tAontas chun fáilte a chur roimh theangacha nua

CEARDLANNA

Tá ár gceardlanna atá le teacht á dtabhairt chun críche agus foilseofar na sonraí uilig anseo go luath i mí Mheán Fómhair – coinnigh súil amach!

FOGHLAIM

  • Tabhair cuairt ar Sheomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa (10.30-17.30, gach 30 nóiméad) – Féach thart ar an seomra ina mbíonn díospóireachtaí agus vótaí na Parlaiminte ar siúl. Cuir i láthair ilteangacha le ceisteanna agus freagraí.
  • Tabhair cuairt ar bhoth ateangaireachta – Cuairt threoraithe ar cheann de na bothanna ateangaireachta sa Seomra Tionóil.
  • Europarl Audio – Beimid ag craoladh beo ó Laethanta an Ilteangachais ar ár gcainéil meán sóisialta. Éist ó cibé áit ina bhfuil tú le haghaidh agallaimh ilteangacha le haistritheoirí, le hateangairí agus le rannpháirtithe; ceol Eorpach; agus léargais eisiacha ón imeacht!

 

TAITHÍ

  • Bothanna ateangaireachta – Bain triail as ateangaireacht inár mbothanna cleachtaidh agus faigh aiseolas ó ateangaire!
  • Aistriúchán faoi lán seoil – Ar smaoinigh tú riamh ar an dóigh a n-oibríonn an t-aistriúchán san Aontas Eorpach? Bain triail as tú féin! Bain trial as na huirlisí a úsáidtear sa Pharlaimint chun téacsanna, físeáin agus leasuithe a aistriú, agus féach an dóigh a dtacaíonn an teicneolaíocht leis an daonlathas ilteangach.
  • Aistrímidne; taifeadann tusa! – Taifead téacs atá aistrithe againn duit in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus bí do láithreoir podchraolta don lá! Ansin déantar an comhad fuaime a chur in eagar, a mheascadh agus a sheoladh chugat mar chlosghram is féidir a roinnt le cairde agus le gaolta nó ar do mheáin shóisialta.
  • Buail le do ghairmithe teanga – An bhfuil tú fiosrach faoi sheirbhisí teanga na Parlaiminte agus faoi na gairmeacha teanga éagsúla? Buail isteach chun aithne a chur ar na saineolaithe agus cuir ceist orthu faoi gach rud is mian leat a fháil amach faoina gcuid oibre!
  • Inrochtaineacht ilteangach – Faigh amach an dóigh a n-oibríonn seirbhísí cumarsáide agus aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa le chéile chun eolas, feachtais agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta poiblí a dhéanamh inrochtana i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, chun an t-ilteangachas a thabhairt níos gaire do na shaoránaigh.

BAIN SULT

  • Luasfhoghlaim teanga – Buail isteach agus foghlaim cúpla focal sa Ghréigis agus sa Ghaeilge, teangacha Uachtaránacht an Aontais 2026, le mioncheachtanna spraíúla, praiticiúla. Níl aon taithí de dhíth, díreach fiosracht! Bunrang Gréigise 10.00-12.00 agus 14.00-16.00. Bunrang Gaeilge 12.00-14.00 agus 16.00-18.00.
  • Cluichí teanga – Cluichí do leanaí agus do dhaoine fásta. Tar agus tástáil do scileanna teanga ar dhóigh spraíúil!
  • Tatúnna sealadacha – Taispeáin do ghrá do theangacha le tatú sealadach.
  • Balla grianghraf – Glac grianghraf agus seans go mbuafaidh tú duais!

 

Map

Seomra Tionóil

Paul-Henri Spaak Building
Rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 Brussels
Belgium

Conas an áit a bhaint amach

Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.

Míchumas luaile
Réitigh do dhaoine bodhra